This page explains how to navigate your school's self-reflection journey.
The first step? Decide who from your school will coordinate the exercise!
Roghnaigh do chomhordaitheoir scoile
Más mian leat leas a bhaint as SELFIE i do scoil féin, is é an chéad chéim ná an cúram a leagan ar dhuine nó ar mheitheal bheag daoine comhordú a dhéanamh ar an gcleachtadh.
Cláraigh do scoil
Nuair atá comhordaitheoir an chleachtaidh roghnaithe agat, féadfaidh tú an méid seo a leanas a dhéanamh
- an scoil a chlárú ar an ardán SELFIE, trí fhaisnéis bhunúsach a thabhairt amhail an cineál scoile (bunscoil nó meánscoil, mar shampla), a méid agus an áit a bhfuil sí
- roghnaigh cén uair a dhéanfar an cleachtadh SELFIE
- roghnaigh cé a bheidh páirteach ann (mar shampla, cén grúpa daltaí)
Cuir do cheisteanna in oiriúint
Tugann SELFIE deis duit ceisteanna a roghnú nó a chur leis atá ar aon dul le riachtanais agus cúinsí do scoile.
Féach ar mhaith leat aon ní a chur leis na ráitis agus ceisteanna caighdeánacha.
Cuir ceisteanna!
Tabhair cuireadh do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile páirt a ghlacadh in SELFIE ar bhonn gan ainm.
Thart ar 30 nóiméad a thógann sé na ceisteanna a fhreagairt. Féadfaidh múinteoirí agus ceannairí scoile é sin a dhéanamh nuair a fheileann sé dóibh, agus molaimid do dhaltaí freagra a thabhairt mar chuid de cheacht.
Faigh na torthaí
Nuair a bheidh na ceisteanna curtha i gcrích ag rannpháirtithe, cuireann SELFIE tuairisc le chéile don scoil.
Léirítear sa tuarascáil sin na torthaí comhiomlánaithe ar bhealach amhairc idirghníomhach. Bíonn na torthaí sin go hiomlán anaithnid – is leis an scoil an tuairisc agus ní féidir ach an scoil rochtain a fháil uirthi.
Déan plé agus déan beart
Is féidir leat úsáid a bhaint as na torthaí ó SELFIE chun féachaint ar an gcaoi a d’fhéadfadh teicneolaíochtaí tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú ar dhaltaí i do scoil féin.
Cuir plean gníomhaíochta le chéile agus leag amach do thosaíochtaí.
Déan do dhul chun cinn a bheachtú
Féadfaidh tú an measúnú a dhéanamh arís go tréimhsiúil.
Cuideoidh an méid sin leat dul chun cinn a thomhas agus féachaint cad iad na hathruithe eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil.