Skip to main content

SELFIE

A tool to support learning in the digital age

Sonraí agus príobháideachas

An leagan is déanaí: 15.5.2024

Forléargas

  • Is uirlis don scoil amháin é SELFIE. Ní bhailítear aon sonraí pearsanta.
  • Na freagraí uile a thugtar trí SELFIE, is freagraí anaithnide iad. Ní féidir daltaí, múinteoirí ná ceannairí scoile aonair, ná baill foirne aonair eile a thugann freagra ar na ráitis ná na ceisteanna, a shainaithint go pearsanta.
  • Is le gach scoil a tuairisc SELFIE féin agus ní chomhroinntear í le daoine eile murab é sin is rogha leis an scoil.
  • Ní féidir le haon eagraíocht eile, agus an Coimisiún Eorpach san áireamh, na freagraí a rianú i leith aon scoil ná rannpháirtí ar leith.
  • Tá SELFIE á óstáil ar fhreastalaí atá faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht an Choimisiúin Eorpaigh agus is faoi réir rialacha an Choimisiúin maidir le próiseáil sonraí atá na sonraí a bhailítear.
  • Ní fhéadfar na sonraí comhiomlánaithe anaithnide a úsáid ach ar mhaithe le cuspóirí beartais agus taighde amháin agus ní fhéadfar iad a úsáid choíche ar mhaithe le cuspóirí tráchtála.

Ráiteas Príobháideachais SELFIE

Sa ráiteas príobháideachais seo tugtar eolas faoin gcaoi a ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint.

An oibríocht phróiseála: Féinmhachnamh ar an bhFoghlaim Éifeachtach tríd an Nuálaíocht a Chothú ar bhonn Teicneolaíochtaí san Oideachas

Rialaitheoir Sonraí: JRC.T.1

Tagairt taifid: DPR-EC-01019.3

1. Réamhrá

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí?

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí a bhailiú?

4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a ndéanaimid tuilleadh próiseála orthu?

5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

6. Cén dóigh a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

8. Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

9. Sonraí teagmhála

10. Cén áit ar féidir eolas níos mionsonraithe a fháil?

 

1. Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta arna bpróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001) 1 .

Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an fáth a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an dóigh a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus sonraí teagmhála an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

An t-eolas i ndáil leis an oibríocht phróiseála ‘Féinmhachnamh ar an bhFoghlaim Éifeachtach tríd an Nuálaíocht a Chothú ar bhonn Teicneolaíochtaí san Oideachas’ arna déanamh ag JRC.T.1, cuirtear i láthair é thíos.

 

2. Cén fáth agus cén chaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Cuspóir na hoibríochta próiseála: Tacaíonn SELFIE le beartais a fhorbairt maidir le cáilíocht san oideachas, dá bhforáiltear faoi Airteagal 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Forbraíodh é mar ghníomhaíocht shonrach de chuid na Teachtaireachta ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach COM (2018) 22 final.

Is uirlis é SELFIE atá dírithe ar cheannairí scoile, múinteoirí agus daltaí. Is uirlis féinmhachnaimh é mar a gcláraíonn úsáideoirí dá ndeoin féin chun sraith ceisteanna a fhreagairt, ar ceisteanna réamhshocraithe iad go príomha. Déantar tuairisc shaincheaptha a ghineadh go huathoibríoch ansin (tríd an uirlis SELFIE) ina léirítear na torthaí comhiomlánaithe ar shlí amhairc idirghníomhach do na scoileanna chun cuidiú leo teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid don teagasc, don fhoghlaim agus don mheasúnú. Is féidir leis na torthaí cabhrú leis an scoil an staid ina bhfuil sí a mheas, agus, ar a bhonn sin, tús a chur le plé faoi úsáid na teicneolaíochta agus plean gníomhaíochta a fhorbairt. Ansin is féidir SELFIE a úsáid ag céim níos déanaí chun an dul chun cinn a mheas agus an plean gníomhaíochta a oiriúnú. Is iad na scoileanna atá freagrach go hiomlán as na cuspóirí agus na modhanna a chinneadh a bhaineann leis an dóigh a n-úsáideann siad uirlis SELFIE.

Déantar anaithnidiú iomlán ar na torthaí sin agus ní chuirtear aon eolas pearsanta san áireamh leo, amhail inscne nó aois. Ní féidir daltaí, múinteoirí, ceannairí scoile aonair ná aon bhaill foirne aonair eile a thug freagra ar cheisteanna SELFIE a shainaithint go pearsanta sna tuairiscí sin.

Ní dhéantar aon tomhas le SELFIE ar an eolas ná na scileanna atá ag ceannairí scoile, múinteoirí ná daltaí, ná ní dhéantar aon chomparáid eatarthu. Ina theannta sin, níl an uirlis deartha chun measúnú ná tagarmharcáil a dhéanamh ar scoileanna.

Is é an Coimisiún Eorpach (JRC T.1), mar sholáthraí na huirlise, a bhainistíonn cuntais na n-úsáideoirí trí ardán EU Login. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi phróiseáil do shonraí pearsanta a bhaineann le EU Login, féach an taifead DIGIT DPR-EC-03187.

Ina theannta sin, is féidir leis an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • sonraí comhiomlánaithe anaithnide a íoslódáil isteach i gcórais eile de chuid an Choimisiúin le haghaidh anailíse
  • tuarascálacha agus cuir i láthair phoiblí a chur le chéile bunaithe ar shonraí comhiomlánaithe anaithnide agus ar an anailís a dhéantar orthu.

Ní shainaithneofar rannpháirtithe aonair riamh sna tuarascálacha ná sna hanailísí seo. Ní chomhroinnfear freagraí aonair ón scoil choíche ná ní dhéanfar iad a phoibliú choíche, ná ní chomhroinnfear aon sonraí comhiomlánaithe as a bhféadfaí daltaí nó baill foirne aonair a shainaithint.

Go háirithe, is freagraí anaithnide iad na freagraí ar na ceisteanna a thugtar trí SELFIE. Dá bhrí sin, ní féidir daltaí, múinteoirí, ceannairí scoile aonair ná aon bhaill foirne aonair eile a thug freagra ar cheisteanna SELFIE a shainaithint go pearsanta. Na sonraí go léir a chuirtear ar fáil i gceistneoirí SELFIE agus le linn na bpróiseas clárúcháin a bhaineann leo, úsáidfear iad chun anailís a dhéanamh ar na freagraí ar an iomlán chun bonn eolais a chur faoi thaighde agus faoi bheartas seachas le haghaidh margaíochta.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

 

3. Cad iad na forais dlí ar a ndéanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil?

Déanfaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil toisc go bhfuil toiliú tugtha agat (mar chomhordaitheoir scoile) do shonraí pearsanta a phróiseáil chun críche sonraí amháin nó níos mó de réir Airteagal 5(d) de Rialachán (AE) 2018/1725. Is ar bhonn deonach a ghlacann na daoine is ábhar do na sonraí.

Ní phróiseálaimid catagóirí speisialta sonraí, dá bhrí sin níl feidhm ag Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2018/1725.

 

4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a ndéanaimid tuilleadh próiseála orthu?

Chun an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh, bailíonn aonad JRC.T.1 na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas:

  • Sonraí EU Login: aitheantas úsáideora, seoladh ríomhphoist, ainm agus sloinne (más ann dóibh sa ríomhphost).
  • Chun críoch taighde dá chuid féin, ní bhailíonn JRC ach sonraí anaithnidithe ón uirlis, mar atá: bliain bhreithe (i gcás daltaí amháin); aoisghrúpa (i gcás ceannairí scoile agus múinteoirí); líon iomlán blianta de thaithí oibre (i gcás ceannairí scoile agus múinteoirí); freastal ar ghníomhaíochtaí forbartha gairmiúla agus a úsáidí atá siad (i gcás múinteoirí amháin); úsáid gléasanna don teagasc (i gcás múinteoirí amháin); muinín as an teicneolaíocht a úsáid (i gcás múinteoirí amháin); an céatadán ama a chaitear i mbun teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa seomra ranga (i gcás múinteoirí amháin); an méid ama a chaitear i mbun teicneolaíocht a úsáid (i gcás daltaí amháin).

Bíonn rogha ‘B’fhearr liom gan a rá’ ar fáil i gcónaí.

 

5. Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?

Ní choinníonn JRC T.1 sonraí EU Login ach amháin go dtí go n-iarrfaidh an duine féin go scriosfaí an cuntas, nó go dtí go scriosfaidh sé féin é (de réir DPR-EC-03187).

 

6. Cén dóigh a gcosnaímid do shonraí pearsanta?

Is ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh a stóráiltear na sonraí pearsanta uile atá i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair sonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte etc.). Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá gníomhaíochtaí iomchuí chun dul i ngleic le slándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, i bhfianaise an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ceann de na bearta eagraíochtúla is ea gan cead rochtana ar na sonraí a thabhairt ach do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na hoibríochta próiseála seo.

 

7. Cé aige a mbeidh rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtfar iad?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta do bhaill foirne an Choimisiúin atá freagrach as an oibríocht phróiseála sin a dhéanamh agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail ‘ar bhonn riachtanais eolais’. Cloíonn na baill foirne sin le comhaontuithe reachtúla agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá má éilítear sin de réir dlí agus chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

 

8. Cad iad na cearta atá agat agus cén chaoi a bhfeidhmítear iad?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain, a cheartú nó a scriosadh agus an ceart chun srian a chur ar phróiseáil do shonraí pearsanta. I gcás inarb infheidhme, tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála freisin, agus tá an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.

Tá toilithe agat do shonraí pearsanta a chur ar fáil do JRC.T.1 le haghaidh na hoibríochta próiseála reatha. Is féidir leat do thoiliú a tharraingt siar tráth ar bith ach fógra a thabhairt don Rialaitheoir Sonraí. Ní dhéanfaidh an tarraingt siar difear do dhlíthiúlacht na próiseála a rinneadh sular tharraing tú siar an toiliú.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tá a gcuid sonraí teagmhála le fáil faoi Cheannteideal 9 thíos.

I gcás inar mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríocht phróiseála ar leith, nó níos mó acu, déan cur síos orthu (i.e. a dtagairt(í) Taifid mar atá sonraithe faoi Cheannteideal 10 thíos) i d’iarratas.

 

9. Sonraí teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí, JRC.T.1 trí ríomhphost a sheoladh chuig JRC-EAC-SELFIE-TOOL@ec.europa.eu.

Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá an ceart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. is féidir gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 de thoradh na próiseála a rinne an Rialaitheoir Sonraí ar do shonraí pearsanta.

 

10. Cén áit ar féidir eolas níos mionsonraithe a fháil?

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí (OCS) clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí a ndearnadh doiciméadú orthu agus ar tugadh fógra dó ina leith. Tá an clár le fáil ag an nasc seo.

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-01019.3 Féinmhachnamh ar an bhFoghlaim Éifeachtach tríd an Nuálaíocht a Chothú ar bhonn Teicneolaíochtaí san Oideachas.

1 Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 (OJ L8, 12.01.2001).