Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Maidir le SELFIE

Uirlis saor in aisce is ea SELFIE (Self-reflection on Effective Learning by Fostering the use of Innovative Educational technologies – Féinmhachnamh ar an bhfoghlaim éifeachtach tríd an nuálaíocht a chur chun cinn trí bhíthin teicneolaíochtaí oideachais) atá ceaptha chun cabhrú le scoileanna teicneolaíochtaí digiteacha a leabú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.

Tá bunús láidir taighde le SELFIE agus forbraíodh é bunaithe ar chreat an Choimisiúin Eorpaigh maidir le foghlaim na ré digití a chur chun cinn in institiúidí oideachais.

Bailíonn SELFIE tuairimí ar bhonn anaithnid ó dhaltaí, múinteoirí agus ceannairí scoile maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an teicneolaíocht ina scoil féin. Déantar an méid sin trí mheán ráitis agus ceisteanna gearra agus scála freagraí simplí ó 1-5. Thart ar 20 nóiméad a thógann sé na ceisteanna agus na ráitis a chríochnú.

Ar bhonn an ionchuir sin, gineann an uirlis tuairisc – léargas (féinín nó 'SELFIE' :-)) ar na láidreachtaí agus na laigí atá ag an scoil i dtaobh na húsáide a bhaineann sí as an teicneolaíocht.

Tá SELFIE ar fáil do gach bunscoil, meánscoil agus gairmscoil san Eoraip agus níos faide i gcéin, agus i mbreis agus 30 teanga. Is féidir le scoil ar bith é a úsáid – níl sé teoranta dóibh siúd a bhfuil ardleibhéil bonneagair, trealaimh agus úsáide teicneolaíochta acu.

Féach an chaoi a láimhseálann SELFIE do shonraí agus do phríobháideachas

Is iad na scoileanna féin a dhear an uirlis ar mhaithe leo féin

Is tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh é SELFIE agus maoinítear é tríd an gclár Erasmus. Tá sé saor in aisce do gach scoil.

Forbraíodh an uirlis i gcomhar le meitheal saineolaithe ó scoileanna, aireachtaí oideachais agus institiúidí taighde ar fud na hEorpa. I measc na n-institiúidí comhpháirteacha tá an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna, an Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (CEDEFOP) agus an Institiúid um Theicneolaíochtaí Faisnéise san Oideachas de chuid UNESCO.

Bhí ceannairí scoile, múinteoirí agus daltaí páirteach in SELFIE a chruthú agus a thástáil:

  • thug 5,000 dalta agus ball foirne a dtuairimí tráth a bhí an uirlis á dearadh ar dtús
  • ghlac 67,000 duine, ó 650 scoil ar fud na hEorpa, páirt sa tástáil phíolótach
  • tástáladh SELFIE i mbunscoileanna lena chinntiú go bhféadfadh daltaí óga ciall a bhaint as

 

Glac páirt

 

Tá níos mó agus níos mó scoileanna ar fud na hEorpa ag baint úsáid as SELFIE chun cabhrú leo teicneolaíochtaí digiteacha a bheith ina gcuid den teagasc agus den fhoghlaim. Glacaigí páirt sa phobal scoileanna sin.

 

Buntáistí

Cuimsitheach

Bíonn pobal iomlán na scoile – idir cheannairí scoile, mhúinteoirí agus daltaí – páirteach in SELFIE, i bpróiseas cuimsitheach lena gclúdaítear a lán réimsí den chleachtas sa scoil.

Inoiriúnaithe

Toisc nach ionann aon dá scoil, is féidir an uirlis a chur in oiriúint. Is féidir le do scoil ceisteanna agus ráitis a roghnú agus a chur leis de réir mar a oireann do na riachtanais atá agaibh féin.

Eispéireas meaitseála

In SELFIE, is féidir leis na rannpháirtithe go léir ceisteanna a fhreagairt atá ag teacht leis an taithí atá acu féin, mar dhaltaí, mar mhúinteoirí nó mar cheannairí scoile.

Saor in aisce agus anaithnid

Tá SELFIE saor in aisce. Déantar anaithnidiú ar na freagraí agus bíonn na sonraí slán.

Saincheaptha

Tar éis di SELFIE a chur i gcrích, faigheann gach scoil tuairisc idirghníomhach shaincheaptha ina bhfuil idir mhionsonraí agus sracléargas ar láidreachtaí agus laigí.

Teistiméireachtaí

 

Éist le tuairimí scoileanna eile