Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Eolas faoin mbeartas ilteangachais

An tábhacht a bhaineann leis an ilteangachas

Tá inniúlachtaí teanga ríthábhachtach chun an Limistéar Eorpach Oideachais a thógáil. Tá siad éigeantach don tsoghluaisteacht, don chomhar agus don chomhthuiscint thar theorainneacha.

An chaoi a n-éiríonn le líon mór teangacha maireachtáil le chéile san Eoraip, is siombail chumhachtach é den ardaidhm atá ag an Aontas Eorpach le bheith aontaithe san éagsúlacht, ceann de bhunchlocha an tionscadail Eorpaigh. Is míniú ar fhéiniúlachtaí pearsanta iad teangacha, ach is cuid dár gcomhoidhreacht freisin iad.

Tá foghlaim teangacha á cur chun cinn ag an Aontas ar fud na hEorpa le fada. Na hargóintí a thacaíonn le polasaithe uaillmhianacha oideachais maidir le foghlaim teangacha, tá siad flúirseach

  • do dhaoine aonair, i ngeall go gcruthaíonn foghlaim teangacha deiseanna pearsanta agus gairmiúla
  • don tsochaí, cothaíonn sé feasacht chultúrtha, comhthuiscint agus comhtháthú sóisialta
  • do chuideachtaí, agus is acmhainn ríthábhachtach iad oibrithe a bhfuil inniúlachtaí teanga agus idirchultúrtha acu, rud a chabhraíonn le gnólachtaí rath a bhaint amach agus a fhás i margaí an domhain

Féach an méid a dhéanann an tAontas chun an éagsúlacht teanga a chur chun cinn

Gníomhaíochtaí an Aontais chun an t-ilteangachas a chur chun cinn

Clár Erasmus+

Tríd an gclár Erasmus+, cuireann an tAontas an iliomad deiseanna ar fáil do dhaoine chun a scileanna teanga a fheabhsú trí pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí oideachais, oiliúna, óige agus spóirt i dtír Eorpach eile.

Treisíonn an clár foghlaim teangacha ó aois óg trí chur ar chumas daltaí, grúpaí daltaí agus ranganna i scoileanna agus in institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna staidéar a dhéanamh i scoil óstach nó páirt a ghlacadh i dtréimhse oiliúna i dtír Eorpach eile.

Meastar go bhfuil buiséad €26.2 billiún ag clár Erasmus+, méid arb ionann agus dhá oiread an bhuiséid a bhí ag an gclár roimhe sin.

Féach leat deiseanna Erasmus+

Tionscadail atá á maoiniú ag an Aontas

Tionscadal LISTIAC

Thacaigh an tAontas le tionscadal LISTIAC (an Teagasc atá Íogair ó thaobh Úsáid Teanga de i ngach Seomra Ranga) ó 2019 go 2022 trí mhaoiniú a chur ar fáil tríd an gclár Erasmus+.

D’fhobair an tionscadal uirlis machnaimh atá eolasach go teoiriciúil arb é is aidhm léi múinteoirí (ionchasacha) a dhéanamh níos íogaire ó thaobh úsáid teanga de ina gcreideamh, ina ndearcthaí agus ina ngníomhartha, sin agus rinne sé an uirlis a thástáil.

Faigh tuilleadh eolais faoin tionscadal LISTIAC

Tionscadal MultiMind

Árdán taighde agus oiliúna is ea MultiMind a fhéachann le dul chun cinn bunúsach a dhéanamh sa taighde ar an ilteangachas trí chur chuige ildisciplíneach a ghlacadh. Fuair an tionscadal seo maoiniú faoi chlár Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC) de chuid an Aontais.

Faigh tuilleadh eolais faoi thionscadal MultiMind

Ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise agus an phiarfhoghlaim

Eagraíonn an Coimisiún gníomhaíochtaí éagsúla le saineolaithe beartas agus le páirtithe leasmhara, pléití painéil, seimineáir agus imeachtaí ar líne, agus déanann coimisiúin taighde chun an phiarfhoghlaim a spreagadh i measc na mBallstát agus ceapadh beartas ar gach leibhéal.

Gach bliain, foilsíonn an Coimisiún an Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint. Bailíonn an Tuarascáil le chéile réimse leathan fianaise chun éabhlóid chórais oideachais agus oiliúna Bhallstáit an Aontais a léiriú.

Oibríonn an Coimisiún freisin le Eurostat agus leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) chun sonraí a bhailiú maidir le teagasc agus foghlaim teangacha ar fud na hEorpa agus anailís a dhéanamh orthu.

Faigh tuilleadh eolais faoin Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint

Comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta

An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta

Tá an Coimisiún ag comhoibriú le ECFE ó 2018 chun an modúl Measúnú ar Theangacha Iasachta (FLA) a fhorbairt, ar modúl de chuid an Chláir Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí (PISA) é .

Déanann PISA measúnú ar chumas daoine 15 bliana d’aois a gcuid eolais agus scileanna léitheoireachta, mata agus eolaíochta a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an tsaoil, staidéar agus obair a dhéanamh i ndomhan domhandaithe.

Faigh tuilleadh eolais faoi Mheasúnú ar Theangacha Iasachta PISA

Comhairle na hEorpa

Oibríonn an Coimisiún freisin i gcomhar le Comhairle na hEorpa agus an Lárionad Eorpach Nuatheangacha.

Díríonn an comhar seo ar nuálaíocht a chur chun i dteagasc teangacha trí dhá bhealach

 

Ábhar gaolmhar