Ardáin ar líne le haghaidh múinteoirí agus oideoirí
An Tairseach ‘School Education Gateway’
Faigh amach faoin gcatalóg ar líne d’ábhair theagaisc agus de dheiseanna oiliúna le haghaidh múinteoirí agus páirtithe leasmhara i scolaíocht na hEorpa, catalóg atá ar fáil i 23 theanga Eorpacha.
An Tairseach ‘School Education Gateway’
- foilseacháin, ranganna teagaisc agus ábhair theagaisc
- ábhair theagaisc atá cruthaithe ag institiúidí an Aontais Eorpaigh agus ag tionscadail a fhaigheann maoiniú ón Aontas
- cúrsaí saor in aisce ar líne
- seimineáir ghréasáin
- an nuacht agus na hacmhainní is déanaí maidir le beartas agus cleachtas oideachais scoile san Aontas
- nuachtlitir
- Suirbhé ar líne agus an chianfhoghlaim (spriocdháta an 10 Bealtaine 2020)
r-Nascadh
Faigh rochtain ar ardán comhoibritheach Eorpach atá ar fáil i 30 teanga agus ar ar féidir le múinteoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile, acmhainní a mhalartú, tabhairt faoi dheiseanna forbartha gairmiúla agus tionscadail a chruthú le chéile.
r-Nascadh (is gá clárú)
- pacáistí réamhdhéanta le haghaidh tionscadail r-Nasctha
- samplaí de thionscadail dea-chleachtais
- teistiméireachtaí ó mhúinteoirí
- clárú
Cúinne na foghlama
Faigh rochtain ar ábhair theagaisc, cluichí ar líne ina measc, is féidir a úsáid chun cuidiú le daltaí ó gach aoisghrúpa eolas a chur ar an Aontas Eorpach.
Cúinne na foghlama
SALTO-YOUTH:
Faigh amach faoin gcatalóg ar líne seo d’uirlisí oiliúna a chuireann an obair óige chun cinn agus a thacaíonn léi.
SALTO-YOUTH:
An Ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip (EPALE)
Faigh amach faoi phobal ilteangach oscailte ar líne a nascann gairmithe i réimse na foghlama aosaí ar fud na hEorpa le go gcuirfear le caighdeán agus éagsúlacht na ndeiseanna foghlama aosaí.
An Ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip (EPALE) (d’fhéadfadh sé gur ghá clárú)
- cuir ceachtanna ríomhfhoghlama in oiriúint do do ranganna leis an bhfíseagarthóir soláimhsithe seo
- príomhinniúlachtaí le haghaidh foghlaim ar feadh an tsaoil: acmhainní le haghaidh an oideachais ar líne
Malartú Fíorúil Erasmus+
Foghlaim faoi na deiseanna nuálacha ar líne atá ann do dhaoine óga as gach cearn den Eoraip agus den Mheánmhuir Theas i dtaca leis an malartú fíorúil.
Malartú Fíorúil Erasmus+
An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)
Faigh rochtain ar acmhainní a thacaíonn le gairmithe ardoideachais teagasc agus foghlaim ardchaighdeáin a sholáthar ar líne, arna gcur ar fáil ag an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT).
- An modúl ‘Teagasc ar líne le linn géarchéimeanna’ (is gá clárú)
- EIT Digital: cúrsaí ar líne
- EIT InnoEnergy: cúrsaí ar líne
Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh
Is tionscnamh de chuid an phobail é Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, a fhaigheann tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach. Is é is aidhm dó códú, ríomhchlárú, smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus litearthacht dhigiteach a chur ar fáil do gach duine ar bhealach spraíúil tarraingteach (tá sé ar fáil i 29 dteanga).
Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh