Skip to main content
European Education Area home page European Education Area home page

European Education Area

Quality education and training for all

Acmhainní foghlama le linn na ráige den choróinvíreas: tionscadail atá á maoiniú ag an Aontas

Tionscadail atá á maoiniú ag an Aontas*

'EduHack'

Is clár um fhorbairt acmhainní é EduHack atá dírithe ar oideoirí ollscoile ar mian leo foghlaim conas eispéiris foghlama a chur ar fáil a bhfuil tacaíocht dhigiteach ag gabháil leo, agus sin a dhéanamh trí thriail a bhaint as cuir chuige agus uirlisí nuálacha. 
EduHack

'Penji protects the planet'

Foghlaim faoin ngníomhaíocht foghlama seo atá bunaithe ar chluichí agus a theagascann do dhaltaí bunscoile agus meánscoile an tábhacht a bhaineann le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil.
Penji protects the planet (is gá an aip a íoslódáil)

‘Bio talent’

I gcomhréir le cuspóirí Straitéis 2020 an Aontais um fhás cliste inbhuanaithe cuimsitheach a chruthú, tá clár oiliúna nuálach cumaiscthe ríomhfhoghlama maidir leis an mbithéagsúlacht curtha le chéile ag an tionscadal Bio talent.

‘BINGO’

Féach ar an dá fhíseán oideachasúla seo ina mínítear modhanna bithshrianta tríd an mbeochan agus trí sheatanna gar-amhairc iontacha d’fheithidí beaga. Fuair an tionscadal seo maoiniú faoi Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC) de chuid an Aontais.
BINGO

'Yummy Physics'

Breathnaigh ar an tsraith físeán seo faoi fhisic an bhia. Fuair an tionscadal seo maoiniú faoi Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC) de chuid an Aontais.
Yummy Physics (sraith físeán)

'Sundial'

Foghlaim faoin réalteolaíocht le cúig cheacht ar líne do mhúinteoirí bunscoile. Tá na ceachtanna ar fáil i mBéarla agus san Ollainnis. Gabhann spriocanna teagaisc molta agus ábhair is féidir a chur i gcló le gach ceacht. Fuair Sundial maoiniú faoi Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC) de chuid an Aontais.

‘Open Mind’

Is é is aidhm don tionscadal Open Mind fiontraíocht shóisialta a chur chun cinn i measc foghlaimeoirí agus daltaí ban nach bhfuil cúlra acu sa staidéar gnó, agus sin a dhéanamh le cúrsa ar líne atá oscailte nuálach cluichithe.
Open Mind

'Moby Click'

Féach ar na hábhair ríomhfhoghlama seo a thacaíonn le forbairt na foghlama atá breisithe ag an teicneolaíocht.
Moby Click (d’fhéadfadh sé gur ghá clárú)

'Code n’ Social'

Féach ar an ardán foghlama idirghníomhach seo lenar féidir teacht ar fhoghlaim TFC ar ardchaighdeán, scileanna ríomhchlárúcháin agus bunscileanna teicneolaíochta san áireamh, le haghaidh daoine atá i mbaol bochtaineachta agus eisiamh sóisialta (AROPE).
Code n’ Social (is gá clárú)

An tionscadal ‘CREATIONS’

Leis an tionscadal CREATIONS, a fuair maoiniú ón Aontas Eorpach, forbraítear cuir chuige chruthaitheacha tharraingteacha maidir leis an oideachas eolaíochta, cuir chuige atá bunaithe ar an ealaín. 
An tionscadal CREATIONS (d’fhéadfadh sé gur ghá clárú)

'An tionscnamh Go-Lab'

Éascaíonn an tionscnamh Go-Lab úsáid saotharlann agus aipeanna foghlama trí fhiosrú ar líne le haghaidh oideachas eolaíochta i scoileanna. Fuair an tionscadal sin maoiniú faoi Chlár Fís 2020 de chuid an Aontais.
An tionscnamh Go-Lab

'Scientifix'

Déanann Scientix comhar ar fud na hEorpa a chur chun cinn agus a neartú i measc múinteoirí ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus mata), taighdeoirí oideachais, lucht ceaptha beartas agus gairmithe oideachais ETIM eile. Fuair an tionscadal sin maoiniú faoi Chlár Fís 2020 de chuid an Aontais.

'Up2U'

Tá sé d'aidhm ag an tionscadal Up2U feabhas a chur ar an bhfoghlaim ar líne i meánscoileanna trí thimpeallacht agus uirlisí foghlama a sholáthar chun cúrsaí a chruthú, ábhar a stóráil agus cian-rannpháirtíocht i ranganna a éascú. Tionscnamh laistigh den tionscadal Up2U is ea ‘OpenUp2U’. Fuair an tionscadal maoiniú faoi Chlár Fís 2020 an Aontais. 
An tionscnamh OpenUp2U

Acmhainní foghlama teanga**

Bíonn an Coimisiún Eorpach ag comhoibriú le hIonad Eorpach Chomhairle na hEorpa le haghaidh Nuatheangacha (ECML) chun an t-ilteangachas a chur chun cinn agus chun rochtain ar oideachas teanga ar ardchaighdeán a chur ar fáil do gach foghlaimeoir, na daoine is leochailí san áireamh. Faigh amach faoin rogha acmhainní atá ar fáil d’fhoghlaimeoirí teanga, tuismitheoirí agus múinteoirí.

‘Toy project’

Leis an gcúrsa ar líne ‘Together Old and Young: An Intergenerational Approach’ féachtar le daoine níos sine agus páistí óga (4-8 bliana d’aois) a thabhairt le chéile chun eolas, scileanna agus luachanna a roinnt, agus chun spraoi a bheith acu le chéile.
Toy project

‘Mutual Open and Online Skills’ (MOOS)

Is é an cuspóir a bhí leis an tionscadal seo feabhas a chur ar úsáid TFC agus acmhainní oideachais oscailte i gcuraclaim ardscoileanna san Eoraip chun cuir chuige nua i leith na foghlama a spreagadh.
ardán foghlama MOOS (is gá clárú)

An Líonra Eorpach um an gCianfhoghlaim agus an Ríomhfhoghlaim (EDEN)

Is é is sprioc leis an Líonra Eorpach um an gCianfhoghlaim agus an Ríomhfhoghlaim (EDEN) eolas a roinnt agus tuiscint a fheabhsú i measc gairmithe cianfhoghlama agus ríomhfhoghlama. Féachann sé le beartas agus cleachtas a chur chun cinn ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.
EDEN

Comhlachas Eorpach na nOllscoileanna Cianteagaisc (European Association of Distance Teaching Universities, EADTU)

Is é atá i gComhlachas Eorpach na nOllscoileanna Cianteagaisc (EADTU) príomhchomhlachas institiúideach na hEorpa san ardoideachas oscailte solúbtha ar líne. Tá sé i gcroílár chlár oibre nuachóirithe na n-ollscoileanna san Eoraip.


*Mura sonraítear a mhalairt, fuair cláir maoiniú faoi chlár Erasmus+ de chuid an Aontais. 
** An ghníomhaíocht maidir le TFC a úsáid chun tacú le teangacha a fhoghlaim agus a theagasc (ICT-REV) agus an tionscnamh ‘Tacú le seomraí ranga ilteangacha’, chómhaoinigh an Coimisiún Eorpach iad tríd an gclár Erasmus+.

Ábhar gaolmhar

Erasmus+: tionchar an choróinvíris

Faigh amach faoin gcaoi a bhfuil tionchar ag an gcoróinvíreas ar ghníomhaíochtaí Erasmus+ agus ar ghníomhaíochtaí de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, na hathruithe atá ag tarlú agus an tacaíocht atá ar fáil.
Ceisteanna coitianta ó rannpháirtithe agus ó thairbhithe

Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (GMSC): tionchar an choróinvíris

Tá gach iarracht á déanamh ag an gCoimisiún Eorpach eolas cothrom le dáta a sholáthar maidir le tionchar phaindéim an choróinvíris ar chomhaltaí agus ar thionscadail GMSC.
An coróinvíreas: eolas do chomhphobal GMSC

Ardán Torthaí Thionscadail Erasmus+

Faigh amach faoi acmhainní agus uirlisí a chuireann cianfhoghlaim nuálach oscailte chun cinn, acmhainní agus uirlisí arna gcruthú ag tionscadail a fuair maoiniú faoin gclár Erasmus+.
Ardán Torthaí Thionscadail Erasmus+