Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Meithleacha chreat straitéiseach LEO

Díreoidh gach Meitheal ar cheann amháin de na téamaí comhleasa

Mar fhorbairt ar thorthaí Mheithleacha ET 2020, cuideoidh na Meithleacha chun an Limistéar Eorpach Oideachais a chur i gcrích, mar chuid de thimthriall nua an chomhair Eorpaigh san oideachas agus san oiliúint (2021-2030), i gcomhréir le Teachtaireacht an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus leis an Rún ón gComhairle ó mhí Feabhra 2021. Leanfaidh na Meithleacha lena gcuid oibre go dtí go rachaidh an sainordú atá acu faoi láthair in éag i mí na Nollag 2025.

Is é is fócas do na Meithleacha eolas maidir le hathchóirithe ar bheartais náisiúnta oideachais a chomhroinnt mar chuid den fhoghlaim fhrithpháirteach, agus athrú dearfach a spreagadh ar fud an Aontais Eorpaigh. Spreagfaidh aschuir na Meithleacha dearcthaí foghlama ar feadh an tsaoil a bheidh cuimsitheach agus iomlánaíoch, agus treiseoidh siad sineirgí idir an t-oideachas, an oiliúint agus beartais agus maoiniú eile san Aontas a chuidíonn chun an Limistéar Eorpach Oideachais a chur i gcrích.

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi chomhaltaí na Meithleacha nó faoi na doiciméid, féach an Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin.

Cúlra

Is oifigigh rialtais iad comhaltaí na Meithleacha agus is iad Ballstáit an Aontais agus tíortha rannpháirteacha eile a cheapann iad. Ceaptar roinnt ionadaithe ó eagraíochtaí páirtithe leasmhara agus ó chomhpháirtithe sóisialta ar na meithleacha freisin, agus iad á gcomhordú ag an gCoimisiún Eorpach. Tacaíonn na meithleacha le tionscnaimh shuaitheanta an Aontais san oideachas agus san oiliúint a chur i gcrích chun athchóirithe náisiúnta a chothú agus is fóraim iad chun taithí agus dea-chleachtas a mhalartú le chéile maidir leis na bealaí is fearr chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thábhachtacha.

I réimse an oideachais agus na hoiliúna, bunaíodh na Meithleacha den chéad uair faoin gclár oibre Oideachas agus Oiliúint 2010 chun an Modh Oscailte Comhordúcháin a chur chun feidhme san oideachas agus san oiliúint. Faoin gcreat straitéiseach ET 2020, b’iad na Meithleacha an príomhfhóram don fhoghlaim fhrithpháirteach.

Tacóidh na Meithleacha nua le Ballstáit an Aontais agus leis an gCoimisiún chun an Limistéar Eorpach Oideachais a chur i gcrích chun go mbeidh sé ag teacht leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, an Clár Oibre Scileanna don Eoraip, agus beartais shuaitheanta eile de chuid an Aontais maidir leis an oideachas, an oiliúint agus scileanna.

Meitheal um oideachas agus cúram luath-óige (ECEC)

Tacóidh an Mheitheal seo leis na Ballstáit agus iad ag cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle 2019 maidir le córais ardchaighdeáin ECEC, agus na príomh-chomhpháirte ann, Creat Cáilíochta an Aontais Eorpaigh le haghaidh ECEC. Tacóidh sé go príomha leis an bpiarfhoghlaim bunaithe ar thomhas, ar mhonatóireacht agus ar mheastóireacht na cáilíochta, agus leanfaidh sé den obair a rinne Meitheal ET 2020, meitheal a dhírigh ar an gcuimsiú, ar ghairmiúlú na foirne agus ar bhainistiú phaindéim COVID-19 in earnáil oideachais agus cúraim na luath-óige.

Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin – WG ECEC

Meitheal um Scoileanna

Díreoidh an Mheitheal ar ghnóthú níos fearr a chur chun cinn i mbunscileanna agus ar gach foghlaimeoir a thabhairt go ceann scríbe sna conairí oideachais agus oiliúna; ar an oideachas don aistriú glas; ar an inniúlacht agus an spreagadh i ngairm an oideachais a fheabhsú.

Tá an Mheitheal comhdhéanta de 2 fhoghrúpa

  • Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile

    Tacóidh sé le cur chun feidhme an Mholta ón gComhairle maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile agus leis an obair leantach a ghabhann leis tríd an bhfoghlaim fhrithpháirteach agus an malartú dea-chleachtas a chur chun cinn, mar shampla ar shaincheisteanna a bhaineann leis an bhfolláine ar scoil.

  • Oideachas ar mhaithe le hInbhuaine Comhshaoil

    Tacóidh sé leis an obair leantach a bhaineann leis an Moladh ón gComhairle maidir le hoideachas ar mhaithe le hinbhuaine comhshaoil agus cuirfidh sé chun cinn an fhoghlaim fhrithpháirteach agus malartú maidir le conas is féidir leis an oideachas tacú le haistriú chuig Eoraip níos glaise agus níos inbhuanaithe, mar shampla forbairt na n-inniúlachtaí inbhuanaitheachta.

Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin – Scoileanna WG

Meitheal um ardoideachas (HE)

Tacóidh an Mheitheal seo le hathchóirithe de chuid na mBallstát agus na dtíortha rannpháirteacha eile ar mian leo an leas is fearr is féidir a bhaint as a gcórais ardoideachais. Cuimseofar le tacaíocht d’athchóirithe claochlú earnáil an ardoideachais a chur chun cinn, chomh maith le céimithe a ullmhú le haghaidh ár sochaithe agus ár margaí saothair atá ag athrú Baineann an méid sin freisin le rannchuidiú chun Eoraip níos láidre a thógáil trí fheabhas a chur ar acmhainneacht nuálaíochta na hEorpa mar chuid de na hiarrachtaí chun Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, i gcomhréir leis an Straitéis Eorpach maidir le hOllscoileanna. Déanfaidh an mheitheal an méid sin tríd an bhfoghlaim fhrithpháirteach a chur chun cinn maidir le hathchóiriú beartas laistigh de chórais oideachais náisiúnta agus trí thionscnaimh agus trí thionscnaimh bheartais ardoideachais na hEorpa a phlé ar an leibhéal teicniúil. Éascóidh an Mheitheal sineirgí idir an t-oideachas agus misin taighde agus nuálaíochta na n-institiúidí ardoideachais, i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus an Limistéir Eorpaigh Taighde, agus comhsheasmhacht le Limistéar Eorpach an Ardoideachais á cinntiú.

Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin – WG HE

An Mheitheal um ghairmoideachas agus gairmoiliúint agus an t-aistriú glas (VET)

Is é príomhchuspóir na Meithle malartuithe teicniúla a éascú, rud a chuideoidh leis na Ballstáit prionsabail agus cuspóirí

Tá an obair sin i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus le Gníomh 6 den Chlár Oibre Scileanna don Eoraip, agus le tosaíochtaí 2 agus 5 den Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030).

Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin – WG VET

An Mheitheal um oideachas aosach: deiseanna a chur ar fáil do chách (AL)

Is é príomhchuspóir na meithle seo malartuithe agus rannchuidithe a éascú a thacóidh leis na Ballstáit agus iad ag cur chun feidhme ghníomhaíochtaí Chlár Oibre Scileanna don Eoraip 2020: daoine fásta a athsciliú agus a uas-sciliú, agus iad a chumhachtú chun leanúint ar aghaidh ag foghlaim ar feadh a saoil. Tacóidh sé freisin leis an bhfothú acmhainneachta chun cur chun feidhme a bhaint amach i dtaca leis an Moladh ón gComhairle maidir le Conairí Uas-scilithe, 2016: Deiseanna Nua do Dhaoine Fásta  agus na moltaí ón gComhairle 2022 maidir le cuntais foghlama aonair agus le micridhintiúir. Tá a cuid oibre i gcomhréir freisin le Plean Gnímh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Díreoidh an mheitheal ar straitéisí náisiúnta scileanna, ar scileanna don saol agus ar an bhfoghlaim aosach a mhaoiniú. Glacfaidh sé cur chuige iomlánaíoch maidir leis an bhfoghlaim aosach, arb é is aidhm dó an pobal fásta ar fad agus gach cineál scileanna a chlúdach, d’fhonn tacú le daoine fásta chun go mbeidh rath ina saoil phearsanta agus ghairmiúla.

Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin – WG AL

An Mheitheal um oideachas digiteach: foghlaim, oiliúint agus measúnú (DELTA)

Is é is aidhm don Mheitheal seo tacú leis na Ballstáit agus iad ag cur chun feidhme athchóirithe beartais i gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027. Díreoidh sí go háirithe ar oideachas digiteach ardcháilíochta cuimsitheach a chothú san Aontas, agus an tráth céanna, an t-aistriú digiteach, na himpleachtaí agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19 á gcur san áireamh. I gcomhréir leis an dá thosaíocht straitéiseacha atá sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, tabharfaidh gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí an ghrúpa aghaidh ar dhá threoircheist

  • Conas is féidir éiceachóras ardfheidhmíochta oideachais dhigitigh a chothú?
  • Conas is féidir feabhas a chur ar scileanna agus inniúlachtaí digiteacha ar mhaithe leis an gclaochlú digiteach?

Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin – WG DELTA

An Mheitheal um an comhionannas agus luachanna san oideachas agus san oiliúint

Díríonn an mheitheal seo ar athchóirithe struchtúrtha chun an comhionannas san oideachas agus san oiliúint a chur chun cinn. Tógann sé ar luachanna an Aontais Eorpaigh (mar shampla an frithradacú, oideachas agus oiliúint saoránachta, éirim Eorpach an oideachais, bréagaisnéis agus cuimsiú dídeanaithe agus imirceach san oideachas agus san oiliúint). Déanann an mheitheal iniúchadh freisin ar réimsí atá ábhartha don chomhionannas, agus aird á tabhairt ar chur chuige déach an oideachais chuimsithigh do chách agus díriú ag an am céanna ar ghrúpaí daonra sonracha. Chomh maith le cur chuige grúpadhírithe a úsáid (cuir i gcás an comhionannas inscne, an frithchiníochas, comhionannas na Romach, na ndaoine de bhunadh imirceach, na ndaoine LGBTQI agus na ndaoine faoi mhíchumas) déanann an mheitheal scrúdú freisin ar shaincheisteanna trasearnálacha a bhfuil buntáistí sóisialta ag gabháil leo agus a bhfuil an-tábhacht leo i gcás na ngrúpaí uile faoi mhíbhuntáiste nó a ndéantar idirdhealú orthu (cuir i gcás an leithscaradh san oideachas a chomhrac agus an éagsúlacht a bhainistiú).

Clár de Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin – WG comhionannas agus luachanna