Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Idirphlé beartais le réigiúin agus le tíortha sonracha ar fud an domhain

Cén cineál teagmhála a bhíonn ag an gCoimisiún le tíortha eile sa réimse seo? 

Tá roinnt fóraim idirphlé curtha ar bun ag an Aontas Eorpach i dtaobh beartas ardoideachais i bpáirt le tíortha agus réigiúin atá lasmuigh den Aontas. 

San idirphlé sin, tugtar le chéile oifigigh shinsearacha agus saineolaithe ón Aontas Eorpach agus ón tír nó ón réigiún ar leith, agus is minic a bhíonn comhdhálacha, seimineáir agus staidéir ar thopaicí áirithe i gceist leis an idirphlé sin. 

Ba cheart don idirphlé beartais an bealach a réiteach le méadú a dhéanamh ar an gcomhar agus ar an tsoghluaisteacht idir an tAontas Eorpach agus tíortha nó réigiúin chomhpháirtíochta. Taispeánann bileoga eolais na dtíortha agus na réigiún conas a mhaoiníonn an clár Erasmus+ soghluaisteacht agus comhar idir an Eoraip agus áiteanna eile ar domhan.

Comhpháirtíocht an Oirthir

Comhthéacs an bheartais

Is éard atá i gComhpháirtíocht an Oirthir comhthionscnamh beartais a bhfuil sé d’aidhm aige an caidreamh idir an tAontas Eorpach, a chuid ballstát agus na sé thír comhpháirtíochta seo a leanas san Oirthear a dhoimhniú agus a neartú: an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an Mholdóiv, an tSeoirsia agus an Úcráin. 

Tá ceithre ghrúpa théamacha ann ina mbíonn cúrsaí beartais á bplé: 

  • Neartú na n-institiúidí agus an dea-rialachais
  • An fhorbairt eacnamaíoch agus deiseanna margaidh
  • Nascacht, éifeachtúlacht fuinnimh, an comhshaol agus an t-athrú aeráide
  • An tsoghluaisteacht agus an teagmháil idir daoine

Idirphlé beartais

Is iad an t-oideachas, an óige, agus an cultúr is ábhar d’Ardán 4, ardán ar a mbíonn idirphlé beartais faoin imirce, an tsoghluaisteacht, an bainistiú comhtháite teorainneacha agus an taighde agus an nuálaíocht. 

In 2017 ghlac Cruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir leis an bPainéal um Oideachas, Cultúr agus an Óige. Is ar chur chun feidhme spriocanna insroichte 18 agus 19 de chreat an Phacáiste Oideachais agus Óige atá obair an Phainéil dírithe, agus is é an Painéal a stiúrann an plé ar earnálacha an oideachais, an chultúir, agus na cruthaitheachta, ar scileanna daoine óga, fiontraíocht agus infhostaitheacht. 

Cuireann an painéal chun cinn nuachóiriú, idirnáisiúnú agus digitiú (ríomhfhoghlaim) na gcóras oideachais agus oiliúna. Bíonn sé ag obair freisin i dtreo aitheantas níos leithne a thabhairt don oideachas neamhfhoirmiúil, agus tacaíonn sé le forbairt earnáil an chultúir agus earnáil na cruthaitheachta i dtíortha comhpháirtíochta san Oirthear. 

Tá na nithe seo a leanas ina mórthosaíochtaí: 

  • tacú leis an óige trí rannchuidiú le beartas óige fianaisebhunaithe ionchuimsitheach a cheapadh agus cumhacht a thabhairt dóibh 
  • idirphlé piarfhoghlama faoi bheartais agus institiúidí a thabharfadh tacaíocht d’oideachas agus d’oiliúint an aosa óig, agus don aistriú go saol na hoibre

An Comhar idir an tAontas Eorpach agus Críocha na Meánmhara Theas

Comhthéacs an bheartais

Mar chuid de chreat Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) agus é neartaithe, ó fhoilsiú na Teachtaireachta in 2011 agus athbhreithniú BCE in 2016, is de thiomantas an Choimisiúin Eorpaigh: 

  • tacú le nuachóiriú na gcóras ardoideachais
  • cur leis an tacaíocht atá ann don tsoghluaisteacht teagaisc agus foghlama le haghaidh mic léinn, múinteoirí, foirne ollscoile, agus daoine óga ó thíortha na Meánmhara Theas

Uirlisí comhair an Aontais Eorpaigh

Cuireann an Coimisiún cuspóirí chun cinn i dtaca leis an ardoideachas, an gairmoideachas, an oiliúint agus an óige trí bhíthin líon clár agus tionscnamh idirnáisiúnta comhair, dá leithéidí seo:

Ardán na mBalcán Thiar maidir le hOideachas agus Oiliúint

Comhthéacs an bheartais

Is in 2012 a seoladh é, agus is é tionscnamh an Aontais Eorpaigh é um chomhar oideachais leis an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Mhacadóin Thuaidh, an Chosaiv*, Montainéagró, agus an tSeirbia. 

Eagraítear Cruinnithe Bliantúla na nAirí chun tosaíochtaí coiteanna a shainaithint, na bearta beartais agus athchóirithe is deireanaí a phlé, agus cinneadh a dhéanamh maidir le réimsí don chomhar réigiúnach agus don chúnamh ón Aontas Eorpach. 

An 9ú Cruinniú Aireachta d’Ardán na mBalcán Thiar maidir leis an Oideachas agus an Oiliúint, eagrófar ar líne é i dteannta an Ardáin Taighde agus Nuálaíochta an 2 Nollaig 2020. Is é an phríomhsprioc atá le hArdán Comh-Aireachta na bliana seo plé a dhéanamh ar Chlár Oibre nua na mBalcán Thiar maidir leis an Nuálaíocht, an Taighde, an tOideachas, an Cultúr, an Óige agus an Spórt, sin agus téacs an chláir oibre a chomhaontú. 

Is éard a spreagann an tArdán Aireachta comhar agus cumarsáid réigiúnach, lena n-áirítear comhthiomsú acmhainní agus comhroinnt dea-chleachtas le stáit eile na mBalcán Thiar, institiúidí an Aontais Eorpaigh agus na Ballstáit. Ina theannta sin déanann sé obair iardain, e.g. comhthionscadail, staidéir, agus imeachtaí. 

Is é cuspóir fadtéarmach an idirphlé sin cúnamh a thabhairt do na Balcáin Thiar lena gcuid iarrachtaí ar athchóiriú, agus iad a ullmhú do na freagrachtaí mar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh san am amach romhainn, lán-rannpháirtíocht i gcláir oideachais an Aontais Eorpaigh san áireamh.

* Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé i gcomhréir le UNSCR 1244 agus tuairim CBI maidir le Dearbhú Neamhspleáchais na Cosaive.

An Afraic

Comhthéacs an bheartais

Is é an clár “Infheistíocht san Óige le haghaidh Fás Cuimsitheach agus Forbairt Inbhuanaithe” ba phríomhthéama don Chruinniú Mullaigh idir an tAontas Afracach agus an tAontas Eorpach in 2017. Tugadh aird faoi leith ar an bhfás déimeagrafach, an imirce, an óige, an fhostaíocht agus scileanna san idirphlé sin. 

Dhearbhaigh cinnirí Stáit ón dá mhór-roinn a ngealltanas infheistíocht a dhéanamh i ndaoine óga, san oideachas, agus i scileanna. Agus cheana féin, tá an tAontas Eorpach ag comhlíonadh an ghealltanais sin agus Clár Pan-Afracach €400 milliún euro á ghlacadh acu don tréimhse 2018-2020. 

Is sampla de scoth an chomhair idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach atá i gComhpháirtíocht Straitéiseach na hAfraice agus an Aontais Eorpaigh a bhfuil 107 n-ollscoil i 41 tír san Afraic páirteach inti, mar aon le comhlachtaí réigiúnacha agus mic léinn. Tháinig na tionscnaimh seo a leanas den idirphlé:

  • Is próiseas comhoibríoch atá in Tuning Africa, próiseas ina n-athbhreithnítear na hinniúlachtaí agus na scileanna a bhfuil gá leo i réimse ar leith. Athbhreithníonn an próiseas na cláir staidéir ionas gur féidir le mic léinn inniúlachtaí a shealbhú agus ionas go n-éireoidh leo ar mhargadh na hoibre dá réir sin.
  • Tacaíonn an Clár Afracach um Dhearbhú Cáilíochta agus Creidiúnú san Ardoideachas a Chomhchuibhiú (HAQAA) leis an gCreat Pan-Afracach um Dhearbhú agus Creidiúnú. Go háirithe, tá sé d'aidhm ag HAQAA caighdeáin agus treoirlínte pan-Afracacha a cheapadh maidir le dearbhú cáilíochta san ardoideachas, forbairt acmhainní in eagraíochtaí ardoideachais náisiúnta agus réigiúnacha, agus maidir le feabhas a chur ar an measúnú institiúideach.

Rinneadh athbhreithniú ar an dá thionscnamh sin faoin gcreat atá ann faoi láthair agus cuirfear tús le dhá thionscnamh shuaitheanta in 2019. Tacóidh an tAontas Eorpach le Cumann Mac Léinn agus Alumni Afracach, rud a chinnteoidh go gcuirfear dearcthaí daoine óga san áireamh i bpróisis agus i mbeartais oideachais, agus i gcleachtais nuálacha. Leithdháileadh maoiniú breise de chuid an Aontais ar thionscnamh píolóta soghluaisteachta d’fhoirne agus do mhic léinn gairmoideachais idir soláthraithe agus institiúidí gairmoideachais san Afraic agus san Eoraip. Is é is aidhm don tionscnamh feabhas a chur ar fhorbairt ghairmiúil múinteoirí agus bainisteoirí gairmoideachais, rud a chuirfidh le scileanna na mac léinn dá réir sin.

Tá an Afraic ag glacadh páirt ghníomhach chomh maith sa Chlár Erasmus+, agus tá tacaíocht do thaighdeoirí ón Afraic á cur ar fáil trí bhíthin ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie. Maoiníonn an Clár Soghluaisteachta Acadúil Idir-Afracach comhpháirtíochtaí agus soghluaisteacht idir ollscoileanna laistigh den Afraic.

An Bhrasaíl

Idirphlé beartais

Thug an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl Dearbhú Comhpháirteach um Chomhar san Oideachas agus san Oiliúint i gcrích. Bhí dhá idirphlé beartais, agus siompóisiam amháin freisin, ag údaráis oideachais agus oiliúna an Choimisiúin agus na Brasaíle le chéile ar leibhéal an rialtais.

An tSeapáin

Comhthéacs an bheartais

Cuimsítear sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin roinnt idirphléití beartais chun an dlúthcheangal idir an tAontas agus an tSeapáin a threisiú a thuilleadh. Ar cheann acu sin tá Idirphlé Beartais an Aontais-na Seapáine maidir leis an oideachas, an cultúr agus an spórt.

Eagraíodh an chéad eagrán den idirphlé beartais sin i mBúdaipeist i mí Iúil 2018, agus bhí dhá thoradh phraiticiúla air: comhaontú chun glao cómhaoinithe a sheoladh ar chláir chomhchéimeanna máistreachta an Aontais-na Seapáine ag baint úsáid as samhail Erasmus Mundus. Roghnaíodh trí chomhchlár i samhradh 2019.

D’eagraigh Aireacht na Seapáine um Oideachas, um Chultúr, um Spórt, um Eolaíocht agus um Theicneolaíocht (MEXT) an dara cruinniú d’Idirphlé Beartais an Aontais-na Seapáine maidir leis an oideachas agus an spórt an 10 Bealtaine 2021, agus is ar líne a tionóladh é. 

Bhí Mariya Gabriel, an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige agus Koichi Hagiuda, Aire na Seapáine um Oideachas, um Chultúr, um Spórt, um Eolaíocht agus um Thaighde (MEXT) i láthair ag an gcruinniú. 

Chuir sé ar a chumas don Aontas na tosaíochtaí atá faoi láthair a leagan síos ó thaobh beartais agus tionscnaimh de i réimse an oideachais, an chultúir agus an spóirt, chomh maith le cloisteáil faoi thosaíochtaí na Seapáine ina leith sin. 

Ag an gcruinniú sin, díríodh go sonrach ar bhearta maidir le hathléimneacht agus téarnamh ó COVID-19 sna trí réimse sin ar bualadh go dona iad. 

Aithnítear go maith an comhar a bhí ann leis an tSeapáin go dtí seo i dtaca le cláir de chuid an Aontais, go háirithe i dtaca le Erasmus+, agus tháinig an dá thaobh ar chomhaontú maidir le comhar nua i dtaca le soghluaisteacht taighdeoirí.

Preasráiteas comhpháirteach
 

An tSín

Comhthéacs an bheartais

Le deich mbliana anuas, tá an tAontas Eorpach agus an tSín ag obair i ndlúthchomhar le chéile i réimsí an oideachais agus na hoiliúna, an chultúir, an ilteangachais agus na hóige. 

Is éard a bhí sa chomhar sin idirphlé beartais ar bhonn rialta ar leibhéal an rialtais, mar aon le torthaí coincréiteacha ar nós comhthionscnamh agus imeachtaí.

Ó 2012 i leith rinneadh na gníomhaíochtaí sin ar fad a chomhtháthú faoi Idirphlé Ardleibhéil idir Daoine an Aontais Eorpaigh agus na Síne (HPPD), an tríú colún den chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an tSín.

Déanann sin comhlánú ar an dá cholún eile: an tIdirphlé Ardleibhéil Eacnamaíoch agus Trádála, agus an tIdirphlé Ardleibhéil Straitéise. 

Tionóltar cruinnithe HPPD gach dara bliain, a bheag nó a mhór, agus déanann an tAontas agus an tSín na cruinnithe sin a óstáil ar bhonn idirmhalartach. D’eagraigh AS EAC an cúigiú cruinniú d’Idirphlé Ardleibhéil idir Daoine an Aontais Eorpaigh agus na Síne (HPPD) an 9 agus an 10 Samhain 2020. Tionóladh an cruinniú roimhe sin i Shang-hai in 2017.

Is é HPPD an sásra uileghabhálach a úsáidtear le haghaidh na gcomhthionscadal ar fad atá ag an Aontas Eorpach agus an tSín le chéile i réimse an mhalartaithe idir daoine. Is as na conclúidí a bhí ar idirphlé na gceannairí agus ar chruinnithe na n-oifigeach sinsearach a eascraíonn na tionscnaimh seo, idirphlé agus cruinnithe ina leagtar síos na cuspóirí fadtéarmacha, ina malartaítear dea-chleachtais, agus ina bhféachtar réimsí le haghaidh comhar sa todhchaí.

Is é is aidhm do HPPD muinín fhrithpháirteach a chothú agus tuiscint idirchultúrtha idir an tAontas Eorpach agus an tSín a neartú.

Preasráiteas comhpháirteach

An India

Comhthéacs an bheartais

Bíonn an tAontas Eorpach agus an India ag comhoibriú le chéile i réimse éagsúla oideachais, cuir i gcás: 

  • nuachóiriú an ardoideachais
  • barr feabhais acadúil
  • soghluaisteacht na ndámh agus na mac léinn
  • gairmoideachas agus gairmoiliúint
  • foghlaim ar feadh an tsaoil
  • trédhearcacht
  • cáilíocht agus cothromas san oideachas 
  • cáilíochtaí a aithint

Ag Cruinniú Mullaigh an Aontais Eorpaigh agus na hIndia in 2008, d’fhógair an tAontas Eorpach agus an India go raibh rún acu idirphlé agus comhar a chur chun cinn i réimse an oideachais agus an chultúir. Seo a leanas réimsí a sainaithníodh: an ghairmoiliúint, an t-oideachas teicniúil, aitheantas do cháilíochtaí, nuachóiriú an ardoideachais agus béim ar cháilíocht, ar thrédhearcacht agus ar chomhpháirtíocht, agus cur chun cinn teangacha.

Meicsiceo

Comhthéacs an bheartais

Ó 2010 i leith, bhí dhá idirphlé beartais ag an gCoimisiún Eorpach agus údaráis ábhartha oideachais agus oiliúna Mheicsiceo le chéile ar leibhéal an rialtais.

Is éard ba chuspóir don idirphlé sin ceisteanna comhleasa a phlé ag leibhéal sinsearach agus, dá bhrí sin, dea-chleachtais a mhalartú agus réimsí sonracha comhair a bheidh ann sa todhchaí a shainaithint. San fhadtéarma, tá sé d'aidhm ag an idirphlé comhar a spreagadh i réimse an ardoideachais agus na soghluaisteachta idir an tAontas Eorpach agus Meicsiceo.

An Afraic Theas

Comhthéacs an bheartais

Sa dearbhú comhpháirteach a rinne siad i mí Bhealtaine 2012, d'aithin an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAfraice Theas an chomaoin rí-mhór a chuirtear ar fhorbairt na sochaithe agus na ngeilleagar eolasbhunaithe de bharr an oideachais agus na hoiliúna, agus an ról lárnach atá acu ag cothú fáis agus ag cruthú post.

I gceithre chruinniú ó shin i leith idir an tAontas Eorpach agus an Afraic Theas a raibh oifigigh shinsearacha rannpháirteach iontu, díríodh ar chomhroinnt dea-chleachtas ar ábhair éagsúla, cuir i gcás idirnáisiúnú an ardoideachais, an nuálaíocht agus nuachóiriú an teagaisc agus an taighde (san ardoideachas). 

Bhí deis ann le linn an idirphlé straitéisigh ceisteanna comhleasa a phlé, dea-chleachtais a mhalartú, athbhreithniú a dhéanamh ar chomhar faoi scáth na gclár, agus réimsí sonracha comhleasa a shainaithint le haghaidh na chéad tréimhse eile.

An Chóiré Theas

Comhthéacs an bheartais

Tá an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré ag obair i gcomhar le chéile, go mór mór i réimse an ardoideachais, mar is léir dóibh araon an chomaoin rí-mhór a chuirtear dá bharr sin ar gheilleagar a fhorbairt a bheadh iomaíoch ar an leibhéal domhanda agus é bunaithe ar eolas, d'fhonn fás geilleagair agus an fhostaíocht a chothú. 

Bhí rath go nuige seo ar chláir malartaithe mac léinn agus ball foirne. Is eol, áfach, gur féidir tuilleadh comhair fós a dhéanamh. Mar sin de, d'fhógair an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré i gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Cóiré in 2013 go raibh rún acu an comhar a chothú trí bhíthin idirphlé beartais agus comhthionscadail chomhair san ardoideachas a chur chun cinn. 

Sa chéad idirphlé beartais, pléadh na modhanna praiticiúla chun an comhar san ardoideachas a chothú trí chomhroinnt na ndea-chleachtas, athbhreithniú beartais agus fothú eolais. Is sa Chóiré Theas a tionóladh an dara hidirphlé, le linn ráithe dheiridh 2018.

Stáit Aontaithe Mheiriceá

Comhthéacs an bheartais

Tá tacaíocht don chomhar oibre le Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fáil i gcláir an Aontais um chomhar acadúil, lena ngabhann rannpháirtíocht dhomhanda, agus tá tacaíocht ann dó i dtionscnaimh bhreise, ina measc sin craobh dhéthaobhach de Chlár Fulbright don chomhar leis an Aontas Eorpach. 

Clár Fulbright-Schuman

Is iad Roinn Stáit na Stát Aontaithe agus Ard-Stiúrthóireacht Oideachais agus Cultúir an Choimisiúin Eorpaigh a chómhaoiníonn an Clár Fulbright-Schuman, clár arb é an Coimisiún um Malartú Oideachas idir na Stáit Aontaithe agus an Bheilg atá á riar. Ó 1991 i leith, tá staidéar fochéime agus staidéar iarchéime á maoiniú faoin gclár comhpháirteach, mar aon le taighde agus tograí léachtaí sna réimsí seo do shaoránaigh Mheiriceá agus an Aontais Eorpaigh: an caidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach, beartais an Aontais Eorpaigh agus institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Seimineár na gCeannairí Óga AE-SAM

Is éard atá i Seimineár na gCeannairí Óga AE-SAM ardán leis an gcaidreamh idir daoine san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe a chur chun cinn, teagmháil a tharlódh de bharr an chomhair idir an Coimisiún Eorpach agus Roinn Stáit na Stát Aontaithe. An chéad uair a reáchtáladh an seimineár sin, tháinig caoga ceannaire óg ó na Stáit Aontaithe agus ón Eoraip le chéile, agus na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le himeascadh eacnamaíoch, oideachasúil, agus cultúrtha imirceach agus dídeanaithe, b'shin iad príomhthéamaí an tseimineáir. Tugadh grúpa den chineál céanna le chéile sa dara seimineár le todhchaí na hoibre a phlé, agus is ar ról na teicneolaíochta i dtodhchaí na hoibre a bhí an fócas, sin agus ar scileanna an lucht saothair a bheidh ann san am atá le teacht, agus na himpleachtaí sóisialta a bhaineann le forás na timpeallachta oibre.

Nuachóiriú an ardoideachais: Staidéar comhoiriúnaithe don Aontas Eorpach agus do na Stáit Aontaithe

Mar chuid de Phróiseas Bologna um athchóiriú an ardoideachais, dúirt Airí ón Eoraip agus iad ar aon tuairim le chéile gur cheart do na hinstitiúidí ardoideachais athshainiú a dhéanamh ar a gcuid clár céime ó thaobh an aschuir de, agus na mic léinn a chur in áit ní ba lárnaí iontu leis an ullmhú ab fhearr a dhéanamh ar chéimithe don ról a bheadh acu sa tsochaí san am a bhí le teacht. Cuireadh tionscadal nua ar bun, mar atá Comhoiriúnú na Struchtúr Oideachais san Eoraip, chun uirlisí a cheapadh lena bhféadfaí mic léinn a ullmhú ar bhonn níos fearr sula rachaidís i mbun na hoibre agus is modheolaíocht é atáthar ag úsáid níos mó agus níos minice.