Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Éagsúlacht teanga

Forléargas

Is cuid dár bhféiniúlachtaí pearsanta iad teangacha, ach is cuid dár gcomhoidhreacht freisin iad. Tugann siad bealach dúinn le haithne a chur ar dhaoine agus ar chultúir eile trí chomhthuiscint agus féiniúlacht choiteann Eorpach a chur chun cinn.

Féadann beartais agus tionscnaimh éifeachtacha ilteangachais tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do shaoránaigh. Tugann scileanna teanga seans níos fearr do dhaoine post a fháil, éascaíonn siad an teacht atá ag daoine ar sheirbhísí agus ar chearta, agus cuireann siad leis an dlúthpháirtíocht trí phlé idirchultúrtha agus comhtháthú sóisialta breise a chur chun cinn.

Tá 3 aibítir agus 24 theanga oifigiúla ag an Aontas Eorpach anois. Tá isteach agus amach le 60 teanga eile ann atá á labhairt i réigiúin faoi leith nó ag grúpaí faoi leith. Chomh maith leis sin, tá go leor teangacha breise tar éis teacht isteach san Aontas de bharr na hinimirce. Meastar go bhfuil saoránaigh ó 175 náisiúntacht ar a laghad ina gcónaí laistigh de theorainneacha an Aontais anois.

Tá an éagsúlacht teangacha cumhdaithe in Airteagal 22 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cearta na ndaoine a bhaineann le mionlaigh a urramú, tá sé sin ina chuid bharrthábhachtach den Chairt. Leis an gCairt cuirtear cosc ar idirdhealú in aghaidh daoine a bhaineann le grúpa mionlaigh agus éilítear ann meas a léiriú ar an éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teangacha ar fud an Aontais. Cinntíonn an Coimisiún go n-urramaítear cearta bunúsacha agus, go háirithe, an ceart chun neamh-idirdhealú, agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm.

Mar sin féin, tá an ceart eisiach ag na Ballstáit mionlaigh náisiúnta a shainmhíniú nó a aithint laistigh dá dteorainneacha, lena n-áirítear cearta na ngrúpaí mionlaigh chun féinchinntiúcháin (mar atá leagtha amach i gCairt Eorpach Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus sa Chreat-Choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta). Baineann an ceart sin le teangacha mionlaigh náisiúnta nó réigiúnacha chomh maith.

Tá an éagsúlacht teangacha difriúil i ngach tír agus tá bealaí difriúla ag gach tír leis an éagsúlacht sin a bhainistiú. Is iomaí cur chuige oideolaíoch suimiúil atá ann i gceantair dhátheangacha agus i seomraí ranga ilteangacha ar fud na hEorpa. Is é atá in Eurydice líonra an Aontais Eorpaigh de na haonaid náisiúnta um anailís oideachais atá lonnaithe i ngach tír atá páirteach sa chlár Erasmus+. Sa leagan den tréimhseachán ‘Key Data on Teaching Languages at School in Europe’ a d’fhoilsigh Eurydice in 2017, bhí bearta tacaíochta ann maidir le teangacha réigiúnacha nó mionlaigh a theagasc. I bhfoilseachán níos nuaí de chuid Eurydice, tá forléargas sonrach ann ina ndírítear ar na bearta atá déanta ag údaráis oideachais chun tacú le teagasc teangacha réigiúnacha agus mionlaigh ar scoil.

An dóigh a gcuireann an tAontas an éagsúlacht teangacha chun cinn

An 26 Meán Fómhair gach bliain, tagann an Coimisiún Eorpach, Comhairle na hEorpa, an Lárionad Eorpach um Nuatheangacha, institiúidí teanga agus saoránaigh le chéile ar fud na hEorpa chun an éagsúlacht teangacha agus an fhoghlaim teangacha a chur chun cinn trí Lá Eorpach na dTeangacha. Eagraítear réimse imeachtaí agus ócáidí faoin tionscnamh sin chun ceiliúradh a dhéanamh ar an éagsúlacht teangacha.

Faoi chláir Foghlama agus Chultúir an Aontais, leanfar de bheith ag tacú le tionscadail foghlama teanga. Tacaíonn an tAontas Eorpach leis an bhfoghlaim teangacha agus leis an éagsúlacht teangacha trína chláir mhaoiniúcháin, Erasmus+ agus Eoraip na Cruthaitheachta mar shampla, ar cláir iad faoina maoinítear tionscadail chomhair, cláir shoghluaisteachta agus an tacaíocht a thugtar do Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa. A bhuí leis na cláir sin, tá go leor tionscadail rathúla ann a chuireann chun cinn teagasc agus feiceálacht na dteangacha réigiúnacha agus mionlaigh san Eoraip. Is féidir teacht ar shamplaí de chuid acu sin san achoimre atá foilsithe ag Eurydice ar theagasc teangacha réigiúnacha nó teangacha mionlaigh i scoileanna na hEorpa.

Chomh maith leis sin, tugann Eoraip na Cruthaitheachta tacaíocht don aistriúchán liteartha le go mbeidh fáil níos leithne ag an bpobal ar shaothair litríochta agus le héagsúlacht teangacha a chosaint san Aontas.