Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Tionscnaimh teangacha Eorpacha

An Séala Eorpach Teanga

Gradam is ea an Séala Eorpach Teanga a spreagann forbairt teicnící agus tionscnamh nua i réimse na foghlama teangacha agus an teagaisc teangacha, agus a fheabhsaíonn an fheasacht idirchultúrtha ar fud na hEorpa. 

Bronntar an Séala gach bliain nó faoi dhó sa bhliain ar na tionscadail foghlama teanga is nuálaí i ngach Ballstát den Aontas agus i ngach tríú tír atá comhlachaithe le Erasmus+ (ar a dtugtaí tíortha an chláir Erasmus+ roimhe seo).

Is é is cuspóir don Séala caighdeáin an teagaisc teangacha go háirithe a ardú ar fud na hEorpa, trí thacú le tionscnaimh den chineál sin go háitiúil agus go náisiúnta. 

Iarratas a dhéanamh ar an Séala Eorpach Teanga

De ghnáth is iad gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+ a bhronnann an Séala Eorpach Teanga. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi le hiarratas a dhéanamh, féach suíomh gréasáin ghníomhaireacht náisiúnta Erasmus+ i do thírse.

Gach bliain nó gach dara bliain (ag brath ar an tír), bronntar an Séala Eorpach Teanga ar thionscadail a thacaíonn le ceann amháin ar a laghad de na téamaí Eorpacha a aithníodh don bhliain sin. D’fhéadfaí téamaí Eorpacha a chomhlánú le téamaí náisiúnta.

Na téamaí ar cheart duit smaoineamh orthu agus iarratas á dhéanamh agat

Is iad seo a leanas na téamaí Eorpacha do thionscadail a dhéanann iarratas ar an Séala Eorpach Teanga in 2023-2024;

  • tacú le himircigh nuathagtha agus le leanaí agus daoine óga easáitithe lena gcuid riachtanas foghlama teanga
  • forbairt ghairmiúil múinteoirí chun aghaidh a thabhairt ar an gcuimsiú agus ar idirphlé idirchultúrtha, go háirithe maidir leis an méadú ar éagsúlacht teanga sa seomra ranga
  • tacaíocht do thionscadail a thugann aghaidh ar mhionlaigh agus ar theangacha réigiúnacha mar mhodh chun cothromas, comhtháthú sóisialta agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn
  • foghlaim teangacha a thacaíonn le fás pearsanta foghlaimeoirí fásta

Na téamaí a bhí ann roimhe

Ba iad seo a leanas na téamaí do thionscadail a rinne iarratas in 2021-2022;

  • foghlaim teangacha a fheabhsú trí Theicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) agus trí na meáin dhigiteacha
  • foghlaim teangacha agus cothromas, comhtháthú sóisialta agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn
  • forbairt ghairmiúil múinteoirí teangacha

Féach leat na tionscadail bhuaiteacha

Féach leat na samplaí de thionscnaimh teanga ar ar bronnadh gradam an tSéala Eorpaigh Teanga cheana

  • féach an físeán ina ndéantar ceiliúradh ar thionscadail teanga idir 2014 agus 2020 mar chuid den chlár Erasmus+ agus an Séala Eorpach Teanga.
  • léigh an choimre lena gcuirtear i láthair na Séalaí Eorpacha Teanga a bronnadh in 2019 ar fud na hEorpa

Lá Eorpach na dTeangacha

Ócáid bhliantúil is ea Lá Eorpach na dTeangacha a bhíonn ar siúl an 26 Meán Fómhair. Deis is ea é chun

  • feasacht a mhúscailt faoin éagsúlacht mhór teangacha atá san Eoraip
  • an éagsúlacht teangacha agus chultúrtha a chur chun cinn
  • daoine de gach aois a spreagadh chun teangacha a fhoghlaim

An té a fhoghlaimíonn teangacha, is éasca dó nascadh le daoine eile, post a fháil agus cabhrú le gnólachtaí dul chun cinn a dhéanamh. 

Bhunaigh an Coimisiún Eorpach agus Comhairle na hEorpa Lá Eorpach na dTeangacha in 2001 agus déantar é a cheiliúradh gach bliain ó shin i leith.

Glacann lear mór institiúidí teanga agus cultúrtha, cumann, ollscoileanna agus scoileanna, go háirithe, páirt ann. Ranganna teanga, cluichí, cainteanna, comhdhálacha agus seónna raidió, reáchtáiltear sin ar fad agus tuilleadh ar fud na hEorpa i dtrátha an 26 Meán Fómhair.

Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí is déanaí le fáil ar shuíomh gréasáin Lá Eorpach na dTeangacha, atá faoi stiúir Chomhairle na hEorpa Eagraíonn oifigí ionadaíochta an Choimisiúin Eorpaigh raon leathan imeachtaí i gcomhar lena gcomhpháirtithe i mBallstáit uile an Aontais.

Lá Eorpach na dTeangacha 2021

Faigh eolas faoin méid atá ar siúl ag an Aontas Eorpach chun cur chuige cuimsitheach a chur chun cinn i dtaca le teangacha a theagasc agus a fhoghlaim

Lean sinn ar na meáin shóisialta

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thionscnaimh teanga Eorpacha, lean 

Ábhar gaolmhar