Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An t-oideachas ionchuimsitheach

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta

I mí na Nollag 2017, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún go nglacfaí Colún Eorpach na gceart sóisialta. Cuirtear i bhfios leis an gcomhaontú an tábhacht a bhaineann le gnéithe sóisialta, gnéithe oideachais agus gnéithe cultúrtha bheartais an Aontais chun todhchaí choiteann a thógáil do mhuintir na hEorpa.

Sa chéad phrionsabal i gColún Eorpach na gceart sóisialta leagtar tábhacht ar leith ar na nithe seo a leanas:

‘Tá an ceart ag cách ar oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ionchuimsitheach agus ar ardchaighdeán chun na scileanna atá acu a choinneáil agus chun scileanna nua a fháil a chuirfidh ar a gcumas a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus athruithe ó phost go post sa mhargadh saothair a bhainistiú go rathúil’.

Tá sé ar cheann de na cuspóirí straitéiseacha don chomhar san oideachas agus san oiliúint ar leibhéal an Aontais cothromas, comhtháthú sóisialta agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn. Tá sé leagtha amach i dTuarascáil Chomhpháirteach 2015 ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme na straitéise ET 2020 go bhfuil ‘an t-oideachas ionchuimsitheach, an comhionannas agus an cothromas, an neamh-idirdhealú agus cur chun cinn na n-inniúlachtaí sibhialta' ina réimse tosaíochta sa chomhar Eorpach i gcúrsaí oideachais agus oiliúna.

Tá dhá phríomhsprioc leagtha amach sa straitéis Eoraip 2020 agus ET 2020 atá le baint amach ar fud na hEorpa faoi 2020:

Ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Göteborg, leag an Coimisiún Eorpach amach an fhís atá aige maidir le Limistéar Eorpach Oideachais. Cuirtear béim sa tionscnamh sin ar an luach atá le hoideachas cuimsitheach ardcháilíochta ón óige ar aghaidh maidir leis an obair ullmhúcháin chun comhtháthú sóisialta, soghluaisteacht shóisialta agus sochaí chothrom a leagan amach.

Tugadh tacaíocht bhreise don fhís sin i dTeachtaireacht ón gCoimisiún maidir le ról an óige, an oideachais agus na mbeart cultúrtha chun go mbeadh Eoraip níos láidre ann, agus tugadh le fios gur cheart go mbeadh sé ar chuspóirí an Limistéir Eorpaigh Oideachais tacú le Ballstáit chun feabhas a chur ar ionchuimsitheacht a gcóras oideachais agus oiliúna.

I bhfianaise tograí ón gCoimisiún, glacadh roinnt tionscnaimh beartais:

  • Moladh ón gComhairle maidir le Príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil
  • Moladh ón gComhairle maidir le luachanna coiteanna, an t-oideachas ionchuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn

I mí Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún togra maidir le clár Erasmus+ nua, togra a mhéadaíonn buiséad an chláir. Táthar ag súil leis go gcuirfear ar chumas na milliúin eile Eorpach óg dul i mbun staidéir, oiliúna agus foghlama ar an gcoigríoch gan beann ar a gcúlra sóisialta, agus go mbeidh creat cuimsithe Eorpach agus straitéisí náisiúnta um chuimsiú mar chuid den chlár freisin.

Ról an Aontais maidir leis an oideachas ionchuimsitheach a bhaint amach

Is trí phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh agus tríd an bhFaireachán ar Oideachas agus Oiliúint a dhéantar faireachán bliantúil ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na Ballstáit maidir le hoideachas ionchuimsitheach a bhaint amach. Chomh maith leis sin, cuireann an Faireachán ar Oideachas agus Oiliúint fianaise ar fáil ar ról an oideachais chun dul i ngleic le héagothromaíocht agus le cur chun cinn an chuimsithe shóisialta.

Tá raon leathan gníomhaíochtaí curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún sa réimse seo, na nithe seo thíos mar shampla:

  • meitheal ET 2020 ar Luachanna Coiteanna agus an tOideachas Ionchuimsitheach a chur chun cinn, grúpa a bhfuil bailiúchán gonta dea-chleachtas ar líne curtha ar fáil acu sa réimse seo agus ar féidir teacht air ar Yammer
  • tionscnamh a mbíonn eiseamláirí dearfacha ag glacadh páirt ann ar mhaithe leis an gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus leis an eisiamh agus an radacú foréigneach a chosc i measc daoine óga
  • sraith straitéisí d'oibrithe óige a bhíonn ag plé le daoine óga atá i mbaol a n-imeallaithe
  • Gradam Eorpach i leith Cuimsiú Sóisialta sa Spórt

Thairis sin, tacaíonn an clár Erasmus+ le tionscnaimh agus gníomhaíochtaí chun beartais agus cleachtais nuálacha a thabhairt chun cinn i measc na ngnáthdhaoine agus tús áite a thabhairt don chuimsiú sóisialta dá réir sin.

Cad é an chéad chéim eile?

Tá an Coimisiún ag obair faoi láthair ar na forbairtí seo a leanas:

  • cur leis an tSraith Straitéisí Eorpach do Scoileanna, ardán nua ar líne do scoileanna agus do mhúinteoirí. Cuireann an tsraith straitéisí samplaí de dea-chleachtais agus acmhainní ar fáil le go dtabharfar isteach modhanna comhoibríocha sna scoileanna, le go bhfeabhsófar an cuimsiú agus le go dtabharfar deiseanna comhionanna do chách
  • cur leis an ardán ar líne eTwinning, ardán a nascann múinteoirí agus seomraí ranga le chéile ar fud na hEorpa agus a thacaíonn le cúrsaí oiliúna do mhúinteoirí faoin oideachas saoránachta
  • dreasachtaí a sholáthar d'institiúidí ardoideachais le go mbronnfaidh siad creidiúintí le haghaidh obair dheonach agus le go ndéanfaidh siad curaclaim a fhorbairt ina bhfuil idir ábhar acadúil agus rannpháirtíocht sa saol poiblí
  • cur chun feidhme an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, ar tionscnamh de chuid an Aontais é a thugann deiseanna do dhaoine óga obair dheonach a dhéanamh ar thionscnaimh, ina dtír féin nó ar an gcoigríoch, a rachaidh chun sochair do phobail nó do réigiúin ar leithligh
  • Malartú Fíorúil Erasmus+ a leathnú amach a thuilleadh, rud a chuirfidh ar chumas daoine óga san Eoraip agus i ndeisceart na Meánmhara dul i mbun idirphlé fiúntach ilchultúrtha ar líne, agus é sin a dhéanamh mar chuid dá n-oideachas foirmiúil nó neamhfhoirmiúil