Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Lánpháirtiú na ndídeanaithe agus na n-imirceach i réimse an oideachais agus na hoiliúna

Is minic a bhíonn deacrachtaí ag mic léinn a bhfuil cúlra dídeanaithe nó imirceach acu agus iad ag iarraidh dul i dtaithí ar thimpeallacht foghlama nua.

Ionas gur féidir le lucht cleachta an oideachais agus na hoiliúna freastal ar riachtanais na ndaltaí de réir mar atá an éagsúlacht agus an t-ilteangachas ag dul i dtreis sna seomraí ranga, ní beag is tairbhe dóibh treoir a fháil agus dea-chleachtais a roinnt le chéile.

Ó 2016 i leith, tá an Coimisiún Eorpach ag tacú le Ballstáit an Aontais agus iad ar a ndícheall leis na himircigh a lánpháirtiú sna córais oideachais agus oiliúna, ón aois a dteastaíonn oideachas agus cúram ón naíonán, go dtí an lá a dtagann an t-ardoideachas i gceist.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun tacú le lánpháirtiú na ndídeanaithe agus na n-imirceach?

Réimsí tosaíochta

I mí na Samhna 2020, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta um Imeascadh agus Cuimsiú 2021-2027 lena gcuirtear an t-ionchuimsiú chun cinn trí chur chuige lena mbaineann an tsochaí ar fad agus a bhfuil pobail imirceacha agus áitiúla, fostóirí, an tsochaí shibhialta agus gach leibhéal rialtais, le cois grúpaí eile, páirteach ann. Leagtar béim sa Phlean Gníomhaíochta ar thacaíocht spriocdhírithe a sholáthar ag gach céim den lánpháirtiú.

Cé gurb iad na rialtais náisiúnta go príomha atá freagrach as beartais shóisialta a cheapadh agus a chur i bhfeidhm, tá ról lárnach ag an Aontas maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit trí chistiú, trí threoir a fhorbairt agus trí chomhpháirtíochtaí ábhartha a chothú. Ar cheann de na príomhghníomhaíochtaí tá oideachas agus oiliúint ionchuimsitheach, ón luath-óige go dtí an t-ardoideachas, lena ndírítear ar aitheantas níos tapúla a thabhairt do cháilíochtaí agus ar fhoghlaim teangacha, le tacaíocht ó chistí an Aontais.

Gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí

Chun dlús a chur le lánpháirtiú na ndídeanaithe agus na n-imirceach, déanann an Coimisiún Eorpach éascaíocht ar mhalartú na ndea-chleachtas ó Bhallstát go chéile trí ghníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí.

Rud eile, cuireann na gníomhaíochtaí sin an líonrú chun cinn i measc lucht ceaptha beartas, agus is fearr dá réir sin a bhíonn sárú na ndúshlán iontu, dúshláin atá ann faoi láthair mar aon le dúshláin a bheidh ann amach anseo.

Idir 2016 agus 2018, pléadh na hábhair seo a leanas le linn Gníomhaíochtaí tiomanta Piarfhoghlama

  • an measúnú teanga agus lánpháirtiú na mionaoiseach neamhthionlactha tríd an oideachas 
  • an fháilte a chuirtear roimh imircigh nuathagtha, agus measúnú ar an scolaíocht a cuireadh orthu roimhe sin
  • aitheantas do cháilíochtaí na ndídeanaithe
  • an comhphlé idirchultúrtha mar uirlis chun plé a dhéanamh faoin imirce, faoi dhídeanaithe agus faoi iarrthóirí tearmainn i gcomhthéacsanna an oideachais
  • an éagsúlacht teanga agus an éagsúlacht chultúrtha
  • beartais lánpháirtíochta maidir le himircigh – prionsabail, dúshláin agus cleachtais

Rud eile fós, trí mheán na piarchomhairleoireachta, cuireann an Coimisiún comhairle spriocdhírithe ar fáil ó shaineolaithe chun tacú le leasú na mbeartas sna Ballstáit, mar shampla, comhairle maidir le daltaí nuathagtha ar de chúlra imirceach iad a lánpháirtiú sna scoileanna.

Eagraítear imeachtaí den chineál sin ar iarratas ó aon cheann de na Ballstáit agus bíonn lucht ceaptha beartas ó riaracháin náisiúnta eile páirteach iontu, sin agus saineolaithe neamhspleácha, a thugtar le chéile le réitigh a fháil ar dhúshláin náisiúnta i gceardlann chomhpháirteach.

Tacaíocht trí Erasmus+

Trí chlár Erasmus+, tugann an Coimisiún maoiniú do thionscadail agus d’imeachtaí eile nach iad i gcomhair lánpháirtiú na n-imirceach i ngach uile earnáil den oideachas agus den oiliúint. 

Tacaíocht ar líne lena gcothaítear an lánpháirtiú

Líonra SIRIUS maidir um oideachas na n-imirceach

Déanann an Coimisiún Eorpach líonra SIRIUS um oideachas na n-imirceach a chómhaoiniú. Tacaíonn an líonra le hoideachas chlann na n-imirceach, idir na leanaí agus daoine óga, agus is trí ghníomhaíochtaí straitéiseacha ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanann sé sin. Lena chois sin, i bpáirt le himircigh agus le dídeanaithe, tugann an líonra lucht taighde le chéile, mar aon le lucht ceaptha beartas, agus lucht cleachtais i réimse oideachas na n-imirceach. 

Tairseach Oideachais Scoile

Is le Erasmus+ a mhaoinítear an Tairseach Oideachais Scoile, tairseach a chuireann ar a gcumas do lucht cleachtais eolas a mhalartú le chéile, ábhair a chomhroinnt (ailt agus pleananna ceachta, cuir i gcás) agus seirbhísí (cúrsaí ar líne srl.) a rochtain maidir le ceisteanna ionchuimsithe, leis an éagsúlacht chultúrtha, agus le daltaí nuathagtha ar de chúlra imirceach iad a lánpháirtiú sna seomraí ranga.

Ardán eTwinning

Is ardán é eTwinning a nascann scoileanna le chéile ó cheann ceann na hEorpa trí uirlisí TFC agus a thugann deis do cheannairí scoile agus do na baill foirne labhairt le chéile faoin taithí oibre atá acu, sin agus cúnamh a thairiscint dá chéile. 

Tacaíocht Teanga Ar Líne Erasmus+

Tá rochtain ar Thacaíocht Teanga ar Líne curtha ar fáil ag an gCoimisiún do 100,000 dídeanaí agus imirceach nuathagtha. Is é is aidhm don tionscnamh seo deis a thabhairt d'imircigh an teanga áitiúil a fhoghlaim, rud a chabhróidh leo cuid den lánpháirtiú a dhéanamh dóibh féin sa tsochaí a bhfuil siad óstáilte inti. 

Ollchúrsaí Oscailte ar Líne

Tá staidéar coimisiúnaithe ag an gCoimisiún freisin, staidéar a dhéanann measúnú ar leordhóthanacht na nOllchúrsaí Oscailte ar Líne (MOOCanna) agus na Foghlama Digití Saor in Aisce (FDL) chun imircigh agus dídeanaithe a ionchuimsiú.

Tá catalóg de thionscnaimh roghnaithe – atá rangaithe de réir cineáil agus cuspóra – ar fáil ag MOOCs4inclusion.

Tacaíocht eile trí Erasmus+

comhpháirtíochtaí straitéiseacha ann a chuidíonn chun cleachtais oideachais nuálacha a fhorbairt agus comhoibriú trasnáisiúnta a chur chun cinn.

Tacaíonn clár Erasmus+ le fothú acmhainneachta san ardoideachas freisin i dtíortha comhpháirtíochta a mbíonn an-tionchar ag iarmhairtí na himirce orthu. 

 

Tacaíocht do dhaoine atá thíos le hionradh na Rúise ar an Úcráin

Tá rún daingean ag an gCoimisiún Eorpach tacú le muintir na hÚcráine agus gach cúnamh atá ar fáil a chur ar fáil i réimse an oideachais agus na hoiliúna agus níos faide ar aghaidh le linn na tréimhse dúshlánaí atá ann faoi láthair.