Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Forbairt Scileanna

An tábhacht a bhaineann le príomhinniúlachtaí a fhorbairt

Bíonn margadh saothair an Aontais ag athrú leis de shíor. Le himeacht ama, tagann athrú ar an éileamh ar eolas, scileanna agus ar an dearcadh ábhartha. Ní mór cnuasach príomhinniúlachtaí a bheith ag daoine ionas gur féidir leo déileáil leis an athrú sin. Ar na hinniúlachtaí sin tá an litearthacht, an uimhearthacht agus an inniúlacht ríomhaireachta. Tá an tábhacht chéanna ag baint leis an smaointeoireacht chriticiúil, an chruthaitheacht agus an cumas le hoibriú mar chuid d’fhoireann chun gairmeacha inbhuanaithe a chothú agus ionas gur saoránaigh ghníomhacha a bheidh sna daoine.

Is ríthábhachtach an ról atá ag an oideachas agus an oiliúint chun é a chur ar a gcumas don aos óg go háirithe na hinniúlachtaí sin a fhorbairt – agus chun bonn daingean a chur fúthu sa saol. 

Tá sé ríthábhachtach riachtanais gheilleagar an Aontais a chur in iúl don earnáil oideachais agus oiliúna má táthar chun feabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar an t-eolas, na scileanna agus an dearcadh a bhfuil gá leis a shainaithint agus a bhainistiú, ionas nach mbeidh easnamh scileanna ann ná neamhréir idir na scileanna atá ag daoine agus na scileanna atá de dhíth.

Tionscnaimh Eorpacha sa réimse seo

  • Tá ocht gcinn d’inniúlachtaí de dhíth ar gach duine le haghaidh sásamh agus forbairt phearsanta, saoránacht ghníomhach, cuimsiú sóisialta agus fostaíocht, agus tá siad leagtha amach ag an gComhairle ina Mholadh maidir leis na Príomhinniúlachtaí don Fhoghlaim ar feadh an tsaoil
  • Sa Chlár Oibre Nua Scileanna don Eoraip tarraingítear aird ar 10 mbeart chun oiliúint, scileanna agus tacaíocht ábhartha a chur ar fáil do shaoránaigh an Aontais
  • Tá 11 bheart i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin Eorpaigh don Oideachas Digiteach chun úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíocht dhigiteach maidir le teagasc, foghlaim agus inniúlachtaí digiteacha a fhorbairt
  • Is é atá sa Chomhghuaillíocht um Scileanna Digiteacha agus Poist Dhigiteacha comhpháirtíocht do gheallsealbhóirí éagsúla a bhfuil sé de chúram uirthi dul i ngleic le ganntanas scileanna TFC chun na mílte folúntais sa réimse sin a líonadh.
  • Is é atá sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Fiontraíocht 2020 treoirphlean a bhfuil sé beartaithe leis leas iomlán a bhaint as acmhainn fiontraíochta na hEorpa trí dhíriú ar na bacainní atá ann a bhaint agus cultúr fiontraíochta an Aontais a athrú ó bhonn aníos.
  • Is é rud é ESCO an t-aicmiú ilteangach Eorpach le haghaidh Scileanna/Inniúlachtaí, Cáilíochtaí agus Gairmeacha. Cuireann sé téarmaíocht chaighdeánaithe ar fáil i 25 theanga Eorpacha agus rangaíonn sé de réir catagóire na scileanna, na hinniúlachtaí, na cáilíochtaí agus na gairmeacha a bhaineann le geilleagar an Aontais agus le soláthraithe oideachais agus oiliúna.
  • Déanann an Lánléargas Scileanna monatóireacht rialta ar riachtanais athraitheacha gheilleagar na hEorpa agus ar shealbhú scileanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Cuireann sé sonraí ar fáil a bhaineann le treochtaí scileanna ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.