Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – Gníomhaíocht 7

Treoirlínte do mhúinteoirí agus d’oideoirí chun an litearthacht dhigiteach a chothú agus chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis tríd an oideachas agus an oiliúint.

Tá an litearthacht dhigiteach níos tábhachtaí ná riamh i ndomhan an lae inniu atá ag éirí níos digitithe leis.

I ngeall ar thírdhreach na meán agus an eolais atá ag athrú go tapa, chomh maith leis an líon mór ardán meán agus foinsí eolais ar líne atá ann anois, is gá do dhaoine a bheith muiníneach, eolach agus criticiúil sa domhan digiteach chun leas a bhaint as.

Dúshláin i dtaobh na litearthachta digití agus na bréagaisnéise

I dtráth géarchéime, tagann méadú ar na dúshláin a bhaineann leis an mbréagaisnéis agus ábhar díobhálach a scaipeadh, rud a chuireann brú ar an daonlathas agus ar fholláine an duine.

I suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le gairid, dúirt 70% de mhuintir na hEorpa a ghlac páirt ann gur minic a fheiceann siad nuacht a chreideann siad nach ndéanann ionadaíocht ar an bhfírinne, sin nó go bhfuil sí bréagach.

I suirbhé eile (Edelman Trust Barometer, 2020), luaigh 74% de na rannpháirtithe go raibh imní orthu maidir le bréagnuacht a bheith ann i gcomhthéacs phaindéim COVID-19.

In 2020 tharraing rannpháirtithe Chomhairliúchán Poiblí Oscailte an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 aird ar na scileanna a bhaineann leis an litearthacht dhigiteach, amhail fíricí a aithint ó eolas bréige, ‘an iomarca eolais’ a bhainistiú agus do bhealach a dhéanamh go sábháilte ar líne. Aithnítear iad sin ar na trí scil dhigiteacha is mó lena bhfuil gá don 21ú haois.

Tá ról ríthábhachtach ag an oideachas agus ag an oiliúint chun na scileanna maidir le smaointeoireacht chriticiúil a thabhairt do shaoránaigh, ar scileanna iad lena bhfuil gá chun breithiúnas a thabhairt sa domhan ar líne, lena dtugtar san áireamh na feiniméin áirithe a bhaineann le halgartaim, ‘bolgáin faisnéise’, agus ‘bothanna macalla’.

Chun a chinntiú go bhforbraítear an litearthacht dhigiteach go héifeachtach agus go dtéitear i ngleic leis an mbréagaisnéis mar chuid den phróiseas oideachais agus oiliúna, ní mór tacaíocht bhreise a thabhairt do mhúinteoirí agus d’oideoirí le treoraíocht agus le samplaí praiticiúla.

Príomh-ghníomhaíochtaí

Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, i mí Dheireadh Fómhair 2022 sheol an Coimisiún treoirlínte chun cuidiú le múinteoirí agus le hoideoirí chun an litearthacht dhigiteach a chothú agus chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis tríd an oideachas agus an oiliúint..

Tugann na treoirlínte treoraíocht phraiticiúil do mhúinteoirí agus d’oideoirí, agus leideanna praiticiúla agus pleananna gníomhaíochta san áireamh. Tá siad deartha do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile, is cuma cé acu an bhfuil saineolas acu ar an oideachas digiteach nó nach bhfuil. tuarascáil chríochnaitheach ag gabháil leo ina dtugtar le chéile príomhthorthaí agus príomh-mholtaí an Ghrúpa Saineolaithe.

Forbraíodh na Treoirlínte agus an Tuarascáil Chríochnaitheach le tacaíocht ó ghrúpa neamhfhoirmiúil saineolaithe de chuid an Choimisiúin, lena dtugtar le chéile saineolas ó chomhphobal an oideachais agus na hoiliúna, ón saol acadúil, ón gcraoltóireacht, ón earnáil phríobháideach agus ó earnálacha eile nach iad.  

Tá tuilleadh eolais faoi na Treoirlínte ar fáil sa bhileog eolais, saghrafaic faisnéise agus san fhíseán gearr míniúcháin thíos.

 

Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo

  • feasacht agus eolas níos fearr ag an bpobal maidir leis an mbréagaisnéis
  • tuiscint níos forleithne ar an litearthacht dhigiteach a bhaint amach tríd an oideachas agus an oiliúint
  • úsáid fhreagrach agus shábháilte teicneolaíochtaí digiteacha

Aschuir

  • Treoirlínte do mhúinteoirí agus d’oideoirí chun an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn agus chun aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis tríd an oideachas agus an oiliúint
  • Tuarascáil chríochnaitheach ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn tríd an oideachas agus an oiliúint

Amlíne

  • Deireadh Fómhair 2021 – Iúil 2022 — cruinnithe ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin
  • Deireadh Fómhair 2022 — foilsiú na dtreoirlínte agus na tuarascála críochnaithí ón ngrúpa saineolaithe

Maoiniú

Tá an ghníomhaíocht seo á maoiniú ag clár Erasmus+an Aontais Eorpaigh.

Déan teagmháil linn

Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoin ngníomhaíocht seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost ag EAC-DIGITALEDUCATION@ec.europa.eu.

Lean @EUDigitalEdu ar Twitter chun an nuacht agus na forbairtí is déanaí a fháil faoin ngníomhaíocht seo agus chun an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach a fheiceáil ina iomláine.