Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – Gníomh 6

Treoirlínte eiticiúla d’oideoirí maidir le húsáid IS agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim

Sa lá atá inniu ann tá córais intleachta saorga (IS) ina gcuid dár saol laethúil. De réir mar a fhorbraítear iad agus mar a théann úsáid sonraí i méid, is tábhachtach teacht ar thuiscint níos fearr ar a dtionchar ar an domhan timpeall orainn, ar an oideachas agus ar an oiliúint san áireamh.

Tá acmhainneacht mhór ag an intleacht shaorga an t-oideachas agus an oiliúint a athrú ó bhonn le haghaidh daltaí, múinteoirí agus baill foirne scoile. Mar shampla, d’fhéadfadh sé cabhrú chun an luathfhágáil scoile a laghdú, chun cúiteamh as deacrachtaí foghlama agus chun tacú le múinteoirí maidir le foghlaim dhifreáilte nó foghlaim aonair trí fheidhmchláir foghlama teanga, gineadóirí téacs go teanga, meantóirí IS le haghaidh foghlaimeoirí agus acmhainní eile nach iad.

De réir mar a thiteann sé sin amach, is mó an gá go mbeadh tuiscint bhunúsach ag taighdeoirí, oideoirí agus daltaí ar an intleacht shaorga agus ar úsáid sonraí chun go mbeidh siad in ann leas a bhaint as an teicneolaíocht sin ar bhealach dearfach géarchúiseach eiticiúil, sin agus tairbhe a bhaint as an acmhainneacht iomlán atá aici.

Cuspóirí

Chun cabhrú le múinteoirí agus teagascóirí tuiscint a fháil ar acmhainneacht na hintleachta saorga agus na húsáide sonraí san oideachas, agus chun feasacht a ardú i dtaca leis na rioscaí féideartha a bhaineann leo, d’fhorbair an Coimisiún Eorpach treoirlínte eiticiúla faoi úsáid IS agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim.

Tacóidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí gaolmhara taighde agus nuálaíochta tríd an gclár Fís Eorpach agus forbróidh sé clár oiliúna le haghaidh taighdeoirí agus daltaí maidir leis na gnéithe eiticiúla den intleacht shaorga agus d’úsáid sonraí.

Príomhghníomhaíochtaí

Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, i mí Dheireadh Fómhair 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte eiticiúla d’oideoirí maidir le húsáid IS agus sonraí sa teagasc agus san foghlaim.

Cuireann na treoirlínte tacaíocht phraiticiúil agus treoir ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile den chuid is mó, idir mhúinteoirí a bhfuil taithí éigin acu ar an intleacht shaorga a úsáid agus mhúinteoirí nach bhfuil aon taithí acu uirthi. Agus samplaí nithiúla á n-úsáid, tá sé d’aidhm ag na treoirlínte

  • míniú a thabhairt ar an dóigh a n-úsáidtear an intleacht shaorga i scoileanna
  • cabhrú le múinteoirí agus le daltaí lena dteagasc agus lena bhfoghlaim
  • tacú le córais tacaíochta agus próisis riaracháin i suíomhanna oideachais
  • na breithnithe eiticiúla agus na ceanglais atá mar bhonn agus mar thaca ag na treoirlínte a chur i láthair

Forbraíodh na treoirlínte agus an achoimre feidhmiúcháin le tacaíocht ó ghrúpa saineolaithe neamhfhoirmiúil de chuid an Choimisiúin a thug le chéile saineolas ón oideachas agus ón saol acadúil. Chuathas i gcomhairle leis an bpobal eTwinning (grúpa suirbhé agus fócais) agus leis an meitheal um fhoghlaim, oiliúint agus measúnú san oideachas digiteach (DELTA) le linn chéim ullmhúcháin na tuarascála agus na dtreoirlínte, chomh maith le hArd-Stiúrthóireachtaí éagsúla eile de chuid an Choimisiúin, lena n-áirítear an tAirmheán Comhpháirteach Taighde (JRC).

Tá tuilleadh eolais faoi na treoirlínte le fáil sa bhileog eolais, sa ghrafaic faisnéise agus sa ghearrfhíseán míniúcháin thíos.

Gníomhaíochtaí breise mar chuid den ghníomh seo

Tá na nithe seo a leanas i measc na ngníomhaíochtaí eile atá mar chuid de Ghníomh 6:

  • tacú le gníomhaíochtaí ábhartha faoi Fhís Eorpach, ina measc:
    • glao ar thograí i dtaca leis an oiliúint – ‘HORIZON-WIDERA-2021-ERA-01-91: Cinnte a dhéanamh de go mbíonn iontaoibh agus muinín as cáilíocht an tsaineolais maidir leis an eitic taighde i gcomhthéacs teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn’
    • glao ar réaltacht leathnaithe san oideachas agus san oiliúint

Na torthaí/nithe insoláthartha a bhfuiltear ag súil leo

  • úsáid eiticiúil na hintleachta saorga agus sonraí a chur chun cinn le haghaidh an teagaisc agus na foghlama
  • scileanna agus eolas a fheabhsú maidir leis an ‘eitic ar bhonn dearadh do IS’ i measc mic léinn ollscoile agus taighdeoirí, in éineacht leis an sprioc gur mná a bheidh i 45% de na daoine a bheidh rannpháirteach sna gníomhaíochtaí oiliúna
  • úsáid na réaltachta leathnaithe san oideachas agus san oiliúint a spreagadh

Aschuir

  • Treoirlínte eiticiúla d’oideoirí maidir le húsáid IS agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim
  • Achoimre feidhmiúcháin ar thuarascáil an ghrúpa saineolaithe chun rannchuidiú leis na treoirlínte agus chun iad a ullmhú. Beidh an achoimre feidhmiúcháin ar fáil go luath sa Fhraincis, sa Ghearmáinis agus sa Bhulgáiris.

Amlíne

  • Meitheamh 2021 - Iúil 2022 – cruinnithe de ghrúpa saineolaithe an Choimisiúin
  • Deireadh Fómhair 2022 – seoladh treoirlínte eiticiúla d’oideoirí maidir le húsáid IS agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim
  • Faoi dheireadh 2021 – seoladh an glao ar thograí ‘HORIZON-WIDERA-2021-ERA-01-91: Cinnte a dhéanamh de go mbíonn iontaoibh agus muinín as cáilíocht an tsaineolais maidir leis an eitic taighde i gcomhthéacs teicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn’
  • Faoi dheireadh 2021 – seoladh an glao ar an réaltacht leathnaithe (XR) san oideachas agus san oiliúint

Maoiniú

Tá an gníomh seo á mhaoiniú ag clár Erasmus+ agus ag clár Fís Eorpach an Aontais.

Déan teagmháil linn

Dá mba mhian leat tuilleadh eolais a fháil faoin ngníomh seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost ag EAC-DIGITALEDUCATION@ec.europa.eu.

Lean @EUDigitalEdu chun an nuacht agus na forbairtí is déanaí a fháil faoin ngníomh seo agus chun an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach iomlán a fheiceáil.

 

Ábhar gaolmhar