Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027)

Cad é an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach?

Tionscnamh beartais athnuaite de chuid an Aontais is ea an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027) ina leagtar amach fís choiteann d’oideachas digiteach atá ar ardchaighdeán cuimsitheach inrochtana san Eoraip, agus é mar aidhm leis tacú le córais oideachais agus oiliúna na mBallstát a chur in oiriúint don aois dhigiteach.

Sa Phlean Gníomhaíochta a glacadh an 30 Meán Fómhair 2020, iarrtar go mbeadh comhar níos fearr ann ar an leibhéal Eorpach maidir leis an oideachas digiteach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin agus deiseanna phaindéim COVID-19, agus chun deiseanna a chur ar fáil don phobal oideachais agus oiliúna (múinteoirí agus mic léinn), don lucht déanta beartas, don saol acadúil agus do thaighdeoirí ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Cuireann an tionscnamh leis an tosaíocht de chuid an Choimisiúin, is é sin ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’, agus le NextGenerationEU freisin. Tacaíonn sé freisin leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bhfuil sé d’aidhm aici Aontas Eorpach atá níos glaise, níos digití agus níos athléimní a chruthú.

Is príomhchumasóir é an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach chun an fhís a fhíorú maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025. Cuireann sé freisin le gnóthú na spriocanna a leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna, Plean Gníomhaíochta an Cholúin Eorpaigh Shóisialta agus ‘Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití’.

Chun bonn eolais a chur faoin togra, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí oscailte ó mhí Iúil go mí Mheán Fómhair 2020 chun tuairimí agus taithí na saoránach, na n-institiúidí agus na n-eagraíochtaí go léir a fháil.

Gníomhaíocht an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach

Leagtar amach sa Phlean don Oideachas Digiteach dhá thosaíocht straitéiseacha agus ceithre cinn déag de ghníomhaíochtaí chun tacú leo:

Tosaíocht 1: Forbairt éiceachórais oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta a chothú

Cad a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach chun é sin a bhaint amach?

  • Gníomhaíocht 1: Idirphlé Struchtúrtha leis na Ballstáit maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna digiteacha
  • Gníomhaíocht 2: Moladh ón gComhairle maidir le cuir chuige foghlama cumaisc ar mhaithe le bunoideachas agus meánoideachas cuimsitheach ar ardchaighdeán
  • Gníomhaíocht 3: An Creat Eorpach um Ábhar Oideachais Dhigitigh
  • Gníomhaíocht 4: Nascacht agus trealamh digiteach don oideachas agus an oiliúint.
  • Gníomhaíocht 5: Pleananna maidir leis an gclaochlú digiteach d’institiúidí oideachais agus oiliúna
  • Gníomhaíocht 6: Treoirlínte eiticiúla d’oideoirí maidir le húsáid IS agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim

Tosaíocht 2: Scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a fheabhsú ar mhaithe leis an gclaochlú digiteach

Cad a dhéanfaidh an Coimisiún Eorpach chun é sin a bhaint amach?

  • Gníomhaíocht 7: Treoirlínte comhchoiteanna do mhúinteoirí agus oideoirí chun an litearthacht dhigiteach a chothú agus chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis tríd an oideachas agus an oiliúint
  • Gníomhaíocht 8: An Creat Inniúlachta Digití Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun an intleacht shaorga agus scileanna a bhaineann le sonraí a chur san áireamh ann
  • Gníomhaíocht 9: An Deimhniú Eorpach i ndáil le Scileanna Digiteacha (EDSC)
  • Gníomhaíocht 10: Moladh ón gComhairle maidir le soláthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint a fheabhsú
  • Gníomhaíocht 11: Bailiú trasteorann sonraí agus sprioc ar leibhéal an Aontais maidir le scileanna digiteacha daltaí
  • Gníomhaíocht 12: Cúrsaí Oiliúna maidir le Deiseanna Digiteacha
  • Gníomhaíocht 13: Rannpháirtíocht na mBan in ETIM
  • An Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach

An Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach

Bunóidh an Coimisiún freisin Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach chun tacú leis an dá réimse tosaíochta lena dtreiseofar comhar agus malartú san oideachas digiteach ar leibhéal an Aontais.

Cén fáth a bhfuil gá le beart?

Tá athrú tagtha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar de bharr an chlaochlaithe dhigitigh, rud a bhfuil tionchar níos doimhne aige ar an saol laethúil, agus léirigh sé an gá atá le leibhéil níos airde acmhainneachta digití sna córais oideachais agus oiliúna agus sna hinstitiúidí oideachais agus oiliúna.

Chuir paindéim COVID-19 dlús breise leis an gclaonadh a bhí ann cheana i dtreo na foghlama hibridí agus ar líne. Is éard a nocht sin bealaí nua nuálacha do dhaltaí agus do mhúinteoirí gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama a eagrú agus idirghníomhú le chéile ar líne ar bhealach atá níos pearsanta agus níos solúbtha. Ag an am céanna, léirigh glacadh teicneolaíochtaí digiteacha don oideachas dúshláin agus neamhionannais idir na daoine a bhfuil rochtain acu ar theicneolaíochtaí digiteacha agus na daoine nach bhfuil (lena n-áirítear daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste); agus na dúshláin a bhaineann le hinniúlachtaí digiteacha na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, oiliúint múinteoirí agus leibhéil fhoriomlána scileanna agus inniúlachtaí digiteacha.

I ngeall ar na hathruithe sin, bhí gá le hiarracht láidir chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun tacú le córais oideachais agus oiliúna agus iad ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a sainaithníodh agus a treisíodh de thoradh phaindéim COVID-19. Is gá freisin fís fhadtéarmach a mholadh don bhealach chun tosaigh atá i ndán don oideachas digiteach Eorpach.

Léiríonn na staitisticí an méid sin go soiléir freisin:

  • fuarthas amach i staidéar a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) in 2018 gur bhraith níos lú ná 40% de mhúinteoirí ar an meán go raibh siad réidh chun teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa teagasc, agus bhí éagsúlachtaí móra ann idir na Ballstáit
  • breis agus aon trian de dhéagóirí idir 13-14 bliana d’aois a ghlac páirt sa Staidéar Idirnáisiúnta ar an Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise (ICILS) in 2018, ní raibh an leibhéal inniúlachta is bunúsaí acu i dtaca le scileanna digiteacha
  • níl rochtain ag aon cheathrú de theaghlaigh ísealioncaim ar ríomhairí ná leathanbhanda, agus tá éagsúlachtaí móra ar fud an Aontais ag brath ar ioncam teaghlaigh (Eurostat 2019)
  • Measann 95% d’fhreagróirí an Chomhairliúcháin Phoiblí Oscailte den Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach go raibh paindéim COVID-19 ina cor cinniúnach i dtaca leis an gcaoi a n-úsáidtear an teicneolaíocht san oideachas agus san oiliúint (Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, Comhairliúchán Poiblí Oscailte, 2020)

An chéad Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach

Cuireann an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027) leis an gcéad Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2018-2020).

Déan teagmháil linn

Is é aonad an Oideachais Dhigitigh, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr (AS EAC) a dhéanann comhordú ar an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, déan teagmháil linn trí ríomhphost ag
EAC-DIGITALEDUCATION@ec.europa.eu.

Policy documents