Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Tá an leathanach seo á aistriú faoi láthair. Idir an dá linn, is féidir an leagan is déanaí a léamh i mBéarla.

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – Gníomhaíocht 1

Baineann an t-oideachas digiteach rathúil le níos mó deiseanna foghlama agus teagaisc a chruthú do gach duine sa ré dhigiteach, agus is réamhchoinníoll é chun go mbeidh foghlaimeoirí in ann na scileanna a fhoghlaim chun go n-éireoidh leo i saol an lae inniu. Sainaithnítear leis na gníomhaíochtaí faoin ngníomhaíocht sin dúshláin choiteanna atá roimh thíortha an Aontais maidir le claochlú digiteach a gcóras oideachais agus oiliúna agus moltar iontu conas na dúshláin sin a shárú.
Ar an leathanach seo

Idirphlé Struchtúrtha leis na Ballstáit maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna digiteacha

Ní mór comhiarracht a dhéanamh ar fud na sochaí chun oideachas digiteach inrochtana ardcháilíochta ionchuimsitheach a chur chun cinn. Is gá go mbeadh rialtais, institiúidí oideachais agus oiliúna, an earnáil phríobháideach agus an pobal tiomnaithe éiceachóras oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta a bhaint amach.

Ina haitheasc ar Staid an Aontais 2021, d’iarr an tUachtarán Ursula von der Leyen go mbeadh ‘aird ag ceannairí’ ar an oideachas digiteach agus scileanna digiteacha, sin agus go mbeadh ‘idirphlé struchtúrtha ar ardleibhéal’ ann ina leith. Cuireadh tús leis an Idirphlé Struchtúrtha leis na Ballstáit maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna digiteacha i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus bhí sé d’aidhm aige infheictheacht pholaitiúil agus gealltanais maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna digiteacha a mhéadú, ionas gur féidir leis an Eoraip na spriocanna uaillmhianacha a leagtar amach do 2030 a bhaint amach.

Cuireadh an tIdirphlé Struchtúrtha chun feidhme trí phléití ar leibhéal an Aontais agus trí chruinnithe déthaobhacha idir an Coimisiún agus ionadaithe na mBallstát aonair. Bhailigh siad sin le chéile earnálacha agus institiúidí éagsúla rialtais, chomh maith le páirtithe leasmhara éagsúla, amhail comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach. Bhí an t-idirphlé á threorú ag coincheap an ‘chur chuige uile-rialtais’ lena mbaineann comhoibriú idir earnálacha éagsúla rialtais. Leis an gcur chuige sin, tugadh le chéile snáithe éagsúla beartais, lena n-áirítear:

  • oideachas agus oiliúint
  • digitiú
  • fostaíocht agus gnóthaí sóisialta
  • airgeadas agus infheistíocht

Cuspóirí

  • díriú ar an gcaoi le cuspóirí uaillmhianacha náisiúnta agus Eorpacha a bhaint amach san oideachas digiteach agus i scileanna digiteacha
  • leas a bhaint as uirlisí an Aontais chun tacaíocht níos fearr a thabhairt do thíortha an Aontais ina n-iarrachtaí breise athchóiriúcháin chun fís 2030 a bhaint amach
  • infheictheacht pholaitiúil agus gealltanais maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna digiteacha a mhéadú
  • cur leis na gníomhaíochtaí a dhéanfar amach anseo ar leibhéal an Aontais, go háirithe na tionscnaimh atá beartaithe maidir le hoideachas digiteach agus scileanna digiteacha, agus leis na hullmhúcháin do Chlár Beartais 2030 don Deacáid Dhigiteach 
  • snáithe éagsúla beartais a thabhairt le chéile: aireachtaí oideachais, saothair, digitithe agus airgeadais mar aon leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile, ó institiúidí oideachais agus oiliúna go soláthraithe bonneagair, an earnáil phríobháideach, comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus an pobal nuálaíochta, teicneolaíochta agus taighde

Príomhghníomhaíochtaí

  • plé le Ballstáit an Aontais i suíomh coiteann, i ngrúpa ardleibhéil na gcomhordaitheoirí náisiúnta um oideachas digiteach agus scileanna digiteacha
  • idirphléití déthaobhacha le Ballstáit an Aontais
  • comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
  • tograí a ullmhú le haghaidh moltaí ón gComhairle maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach rathúil, agus maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint
  • ionchur a sholáthar don Chlár Beartais don Deacáid Dhigiteach agus do threochláir náisiúnta

Torthaí

  • tiomantas polaitiúil méadaithe thíortha an Aontais do chuspóirí an Aontais maidir leis an oideachas digiteach agus scileanna digiteacha
  • taithí chomhroinnte agus dea-chleachtais
  • feasacht níos fearr maidir leis na príomhthosca chun claochlú digiteach rathúil a dhéanamh ar chórais oideachais agus oiliúna agus scileanna digiteacha a fheabhsú

Amlíne

Moladh ón gComhairle maidir leis na príomhthosca cumasúcháin le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach rathúil

Leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle creat nua-aimseartha infheistíochta, rialachais agus forbartha acmhainní le haghaidh oideachas digiteach agus oiliúint dhigiteach atá éifeachtach agus cuimsitheach.

Tá an t-oideachas digiteach agus an oiliúint dhigiteach ríthábhachtach chun tacú le hathléimneacht, inrochtaineacht, cáilíocht agus cuimsitheacht na gcóras oideachais agus oiliúna, agus chun a chur ar chumas foghlaimeoirí dul chun cinn a dhéanamh i saol digiteach an lae inniu.

Léirigh géarchéim COVID-19 an gá atá le claochlú digiteach sistéamach san oideachas agus san oiliúint. Agus leas á bhaint as torthaí an Idirphlé Struchtúrtha, iarrtar sa Mholadh ón gComhairle ar thíortha uile an Aontais rochtain uilíoch ar oideachas digiteach agus ar oiliúint dhigiteach atá cuimsitheach agus ar ardchaighdeán a chinntiú do chách, agus aghaidh á tabhairt ar an deighilt dhigiteach.

Cuspóirí

Is é is aidhm don mholadh seo na hathchóirithe struchtúracha is gá a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta i dtíortha an Aontais, chun dul chun cinn suntasach a chumasú maidir le claochlú digiteach an oideachais agus na hoiliúna, bunaithe ar an méid seo a leanas:

  • straitéisí soiléire lena dtugtar aghaidh go sonrach ar oideachas digiteach agus ar scileanna digiteacha
  • feabhas a chur ar aiseolas beartais, trí fhaireachán agus meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar bheartais oideachais dhigitigh agus oiliúna digití agus trí na torthaí sin a chomhtháthú níos tapúla agus beartais á n-uasghrádú
  • cur chuige uile-rialtais i leith an oideachais dhigitigh agus na hoiliúna digití, agus comhar neartaithe i measc páirtithe leasmhara, an earnáil phríobháideach ina measc
  • comhpháirtíochtaí le múinteoirí a chothú agus a fheabhsú, agus a chinntiú ag an am céanna go mbeidh rochtain ar oiliúint dhigiteach ag gach múinteoir, oideoir agus ball foirne agus go dtabharfar tacaíocht d’fhothú acmhainneachta digití do gach institiúid oideachais agus oiliúna
  • infheistíocht chothrom atá dírithe ar thionchar san oideachas digiteach agus san oiliúint dhigiteach atá ar ardchaighdeán agus cuimsitheach

Príomhghníomhaíochtaí

Amlíne

Maoiniú

Tá an ghníomhaíocht seo á maoiniú ag clár Erasmus+ an Aontais, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste um Aistriú Cóir, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach.