Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach

Agus an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027) á ullmhú, tharraing comhairliúcháin fhairsinge lepáirtithe leasmhara aird ar an ngá do chomhar agus d’idirphlé treisithe idir páirtithe leasmhara i réimse an oideachais dhigitigh. 

Tarraingíodh aníos ilroinnt an bheartais oideachais dhigitigh, an taighde agus na gcleachtas cur chun feidhme ar an leibhéal Eorpach freisin mar cheist thábhachtach a chuireann moill ar an dul chun cinn. Tá níos mó ná comhthéacs agus earnáil i gceist le roinnt saincheisteanna struchtúracha a bhaineann leis an oideachas digiteach.

Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, tugtar le chéile sa Mhol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach an pobal atá ag obair ar an oideachas digiteach agus cuireann sé spás ar leith ar fáil chun eolas a chomhroinnt agus chun freastal ar a riachtanais chomhair.

Cuspóirí  

Mar a fógraíodh sa Teachtaireacht 2020 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, déanfaidh an Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach an méid seo a leanas:

  • tacóidh sé le Ballstáit den Aontas Eorpach trí líonra de sheirbhísí comhairleacha náisiúnta don oideachas digiteach a bhunú chun taithí agus dea-chleachtas maidir le tosca cumasúcháin an oideachais dhigitigh a chomhroinnt lena chéile
  • nascfaidh sé le chéile tionscnaimh agus straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha maidir leis an oideachas digiteach sin agus ceanglóidh sé údaráis náisiúnta, an earnáil phríobháideach, saineolaithe, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus an tsochaí shibhialta trí ghníomhaíochtaí éagsúla
  • déanfaidh sé monatóireacht ar chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta agus ar fhorbairt an oideachais dhigitigh san Eoraip, trí thorthaí ó thionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Aontas san áireamh
  • roinnfidh sé dea-chleachtais trí chur le tástáil taighde agus bailiú córasach agus anailís ar fhianaise eimpíreach, tríd an bpiarfhoghlaim go páirteach 
  • tacóidh sé le comhar tras-earnálach agus samhlacha nua chun ábhar foghlama digiteach a mhalartú go saoráideach lena dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna amhail idir-inoibritheacht, dearbhú cáilíochta, inbhuanaitheacht chomhshaoil, inrochtaineacht agus cuimsiú agus caighdeáin choiteanna an Aontais maidir leis an oideachas digiteach
  • tacóidh sé le forbairt shofhreagrúil beartas agus cleachtas trí bheith ina mheitheal mhachnaimh agus dhéanaimh don oideachas digiteach agus trí pháirtithe leasmhara a spreagadh le bheith rannpháirteach i nuálaíocht agus i rannpháirtíocht atá dírithe ar an úsáideoir trí Haiceatón an Oideachais Dhigitigh

Conas a bhainfear na cuspóirí seo amach?

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, cuireann an Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach an méid seo a leanas ar fáil:

  • pobal don chomhar maidir leis an oideachas digiteach;
  • líonra de Sheirbhísí Comhairleacha Náisiúnta (NAS) don chomhoibriú maidir le beartais oideachais dhigitigh a chur chun feidhme;
  • ionad nua acmhainní Tacaíocht, Ardfhoghlaim agus Deiseanna Oiliúna (SALTO) don oideachas digiteach;
  • deiseanna chun réitigh a mholadh ar shaincheisteanna a bhaineann leis an oideachas digiteach tríd Haiceatón an Oideachais Dhigitigh.

Cuireann Pobal an Mhoil na nithe seo a leanas ar fáil:

  • spás trasearnála – pobal a roinnfidh a shaineolas, a dhea-chleachtais agus a réitigh maidir leis an oideachas digiteach ar fud na n-earnálacha oideachais agus oiliúna; idirphlé, comhchruthú agus gníomhú a chur chun cinn
  • comhroinnt agus mapáil eolais – malartú agus comhar, comhroinnt agus mapáil eolais a spreagadh
  • borradh a chur faoi chleachtais agus faoi réitigh maidir leis an oideachas digiteach – borradh a chur faoi ghlacadh na nuálaíochta san oideachas 

Cuireann líonra NAS an méid seo a leanas ar fáil:

  • modhanna ‘ó bharr anuas’ agus ‘ó bhun aníos’ a nascadh le saincheisteanna an oideachais dhigitigh trí idirphlé a spreagadh i measc na mBallstát agus ar fud leibhéal an oideachais agus na hoiliúna
  • tacaíocht phiaraí don oideachas digiteach a chur chun cinn

Cuireann an t-ionad acmhainní SALTO (Tacaíocht, Ardfhoghlaim agus Deiseanna Oiliúna) don oideachas digiteach an méid seo a leanas ar fáil:

  • treoir agus oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne na nGníomhaireachtaí Náisiúnta
  • samplaí de dhea-chleachtais a aithint, a mhalartú agus a bhailiú – cibé acu ar leibhéal an tionscadail nó i gcomhlachtaí a chuireann i bhfeidhm iad, sin agus foilseacháin phraiticiúla a eisiúint
  • treoir agus uirlisí a chur ar fáil do thairbhithe agus d’iarratasóirí

Príomh-ghníomhaíochtaí

Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara (2021)

An t-aiseolas a fuarthas tríd an gcomhairliúchán poiblí oscailte ar an bPlean Gníomhaíochta nua don Oideachas Digiteach (2021-2027), rinne an Coimisiún é a ionchorprú go mór chun an Mol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach a mholadh. 

Ina theannta sin, i gcomhréir leis an gcur chuige a glacadh chun an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach a fhorbairt, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le go leor páirtithe leasmhara maidir le coincheapadh an Mhoil. Rinneadh é sin trí 3 chomhairliúchán thiomnaithe ar líne a bhí dírithe ar na grúpaí seo a leanas:

  • Meitheal ET 2020 um Oideachas Digiteach: Foghlaim, Teagasc agus Measúnú (WG DELTA) – 25 Feabhra 2021
  • páirtithe leasmhara a bhí rannpháirteach sa chomhairliúchán poiblí oscailte ar an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – 1 Márta 2021
  • páirtithe leasmhara a bhfuil spéis acu sa Mhol Eorpach maidir leis an Oideachas Digiteach – 5 Márta 2021

Mar chuid de chomhairliúcháin na bpáirtithe leasmhara, bhí idirphlé oscailte ar phríomhghnéithe an Mhoil, ar riachtanais na bpáirtithe leasmhara maidir le tacaíocht don oideachas digiteach agus iarrachtaí chun tuiscint a fháil ar na bealaí a d’fhéadfadh páirtithe leasmhara difriúla cur le cuspóirí an Mhoil. 

Pobal a fhorbairt (2021-2022)

In 2021 cuireadh tús leis an obair chun an pobal cleachtais a bhunú agus a fhorbairt nuair a osclaíodh glao chun seirbhísí tacaíochta a sholáthar ar mhaithe le modhnóireacht agus coimeádaíocht a dhéanamh ar an bpobal.

Cuireadh tús leis an obair chun an pobal cleachtais a bhunú i mí Feabhra 2022. Tar éis céim ghearr phíolótach agus tástála, tá clárú do phobal an Mhoil Eorpaigh maidir leis an Oideachas Digiteach ar fáil anois ar thairseach an EEA.

Más mian leat comhoibriú, dea-chleachtais a mhalartú agus réitigh a fhorbairt le páirtithe leasmhara ó gach earnáil oideachais agus oiliúna, is féidir leat clárú do phobal an Mhoil Eorpaigh maidir leis an Oideachas Digiteach.

Líona de Sheirbhísí Comhairleacha Náisiúnta

Ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 thacaigh an Coimisiún le hidirphlé maidir le líonra sw Sheirbhísí Comhairleacha Náisiúnta a chruthú – comhlachtaí náisiúnta nó réigiúnacha a oibríonn go príomha ar bheartais oideachais dhigitigh a chur chun feidhme.

Cuimsítear leis sin gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, ranna/struchtúir laistigh d’aireacht náisiúnta a bhfuil sainordú soiléir acu maidir le cur chun feidhme an oideachais dhigitigh, nó comhlachtaí náisiúnta agus réigiúnacha a chuireann beartais oideachais dhigitigh chun feidhme. 

Cuireann an líonra chun cinn comhroinnt taithí a bhaineann leis an oideachas digiteach agus a chinntíonn comhar idir tíortha. 

SALTO

Ó 2022 ar aghaidh sheol an Coimisiún an obair ullmhúcháin le haghaidh ionad acmhainní nua digiteach SALTO (Tacaíocht, Deiseanna Ardfhoghlama agus Oiliúna) a fhorbrófar mar ionad acmhainní a bheidh ag obair chun tacú le Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus sa ghné dhigiteach den chlár. Ceapadh Gníomhaireacht Náisiúnta na Fionlainne chun an líonra nua SALTO sin a chur chun feidhme, agus beidh sé i bhfeidhm ó mhí Lúnasa 2022. 

Amlíne 

  • Márta 2020-Márta 2021 – comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, comhairliúchán poiblí oscailte ina measc  
  • Deireadh Fómhair 2021 – an chéad chruinniú de líonra de Sheirbhísí Comhairleacha Náisiúnta 
  • Feabhra 2022 – cuireadh tús leis an obair chun pobal cleachtais an Mhoil Eorpaigh maidir leis an Oideachas Digiteach a bhunú
  • Meitheamh 2022 – clárúcháin a oscailt do phobal cleachtais an Mhoil
  • Lúnasa 2022 – tús a chur le gníomhaíochtaí SALTO

Maoiniú

Tá an ghníomhaíocht seo á maoiniú ag clár Erasmus+ an Aontais Eorpaigh.

Déan teagmháil linn 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ngníomhaíocht seo, déan teagmháil linn trí ríomhphost ag EAC-DIGITALEDUCATION@ec.europa.eu agus EACEA-DIGITAL-EDUCATION-HUB@ec.europa.eu.

Lean EUDigitalEducation ar Twitter chun an nuacht agus na forbairtí is déanaí a fháil faoin ngníomhaíocht seo agus chun an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach iomlán a fheiceáil.

 

Ábhar gaolmhar