Skip to main content
European Education Area home page European Education Area home page

European Education Area

Quality education and training for all

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – Gníomhaíocht 10

Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint

Leis an dul chun cinn teicneolaíoch, tá borradh as cuimse faoin ngá atá le scileanna agus inniúlachtaí digiteacha ar gach leibhéal ar fud an gheilleagair agus na sochaí. Mar sin féin, ní leor na leibhéil scileanna digiteacha atá ag daoine fós.

Na spriocanna uaillmhianacha a leagtar amach mar chuid de Chompás Digiteach 2030 agus sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint, díríonn siad ar leibhéal na scileanna digiteacha le haghaidh grúpaí éagsúla saoránach – cuir i gcás, daoine gairmiúla, daoine fásta nó daoine óga.

Tá gá le córais oideachais agus oiliúna i dtaca leis na tionscnaimh sin chun iarrachtaí a neartú agus chun scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a sholáthar don oiread scoláirí agus is féidir ó aois níos óige. 

Cuspóirí 

Tá saincheisteanna coiteanna le sárú ag Ballstáit an Aontais Eorpaigh a bhaineann le leibhéal scileanna digiteacha a saoránach agus le cumas a gcóras oideachais agus oiliúna tacú le foghlaimeoirí na hinniúlachtaí digiteacha a fhorbairt a theastaíonn uathu chun cónaí, obair agus foghlaim.

Feabhas a chur ar sholáthar scileanna digiteacha

Chun muintir na hEorpa a chumasú bunscileanna, meánscileanna agus ardscileanna digiteacha a fhorbairt tríd an oideachas agus an oiliúint, forbróidh an Coimisiún togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le soláthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint a fheabhsú. 

Cuirfidh an tionscnamh in iúl na céimeanna is gá chun forbairt inniúlachta digití a chur chun cinn ó aois óg agus ag gach céim den oideachas agus den oiliúint. Cuimseofar leis sin úsáid acmhainní an Aontais chun infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt ghairmiúil múinteoirí.

Leis an Moladh freisin, déanfar malartú dea-chleachtas i dtaca le modhanna teagaisc a spreagadh, béim ar fhaisnéisíocht ardcháilíochta ar gach leibhéal oideachais san áireamh, mar aon le hidirphlé a chothú leis an tsochaí shibhialta agus le lucht tionsclaíochta maidir le dea-chleachtais a fhorbairt, agus freastal ar riachtanais scileanna nua agus scileanna atá ag teacht chun cinn.

Príomhghníomhaíochtaí

  • Tuarascáil ón Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) dar teideal ‘Athbhreithniú ar an Smaointeoireacht Ríomhaireachta san Oideachas Éigeantach’ (arna foilsiú i mí an Mhárta 2022)
  • Staidéar Eurydice ar ‘Faisnéisíocht san Oideachas Scoile’ (Meán Fómhair 2022)
  • togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le feabhas a chur ar sholáthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint (an chéad ráite de 2023)

Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo

  • conairí a mholadh le haghaidh soláthar comhleanúnach scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint
  • treoir a chruthú maidir le Faisnéisíocht mar ábhar, prionsabail, coincheapa agus cleachtais sa teagasc agus san fhoghlaim ina measc
  • teacht ar chomhaontú maidir le fís chomhleanúnach agus téarmaíocht roinnte i dtaca le faisnéisíocht a chur ar fáil do gach dalta san Eoraip
  • cur le cuspóirí spriocanna scileanna digiteacha an Chompáis Dhigitigh agus an Limistéir Eorpaigh Oideachais trí thionchar dearfach a imirt ar leibhéal scileanna digiteacha shaoránaigh na hEorpa, chomh maith le líon na mac léinn agus na bhfoghlaimeoirí fireanna agus baineanna a smaoineoidh ar ghairm in earnáil Theicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC)

Amlíne

  • Deireadh Fómhair 2021 - Márta 2022 – nuashonrú a dhéanamh ar an tuarascáil ón JCR maidir le smaointeoireacht ríomhaireachtúil
  • Márta - Deireadh Fómhair 2022 – comhairliúcháin spriocdhírithe a reáchtáil le páirtithe leasmhara
  • Meán Fómhair 2022 – Tuarascáil Eurydice a fhoilsiú maidir le faisnéisíocht san oideachas scoile
  • Eanáir - Márta 2023 – Moladh ón gComhairle a chur ar aghaidh maidir le soláthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint a fheabhsú 

Maoiniú

Tá an ghníomhaíocht seo á maoiniú ag clár Erasmus+ an Aontais.

Déan teagmháil linn

Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoin ngníomhaíocht sin, déan linn trí ríomhphost ag EAC-DIGITALEDUCATION@ec.europa.eu.

Lean EUDigitalEducation ar Twitter chun an nuacht agus na forbairtí is déanaí a fháil faoin ngníomhaíocht seo agus faoin bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach ina iomláine.

 

Ábhar gaolmhar

Funding

This action is funded by the Erasmus+ programme.