Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Seomraí ranga ilteangacha

Tábhacht an ilteangachais ar scoil 

Ar fud an Aontais Eorpaigh, tugann páistí de chúlra imirceach flúirse teangacha nua agus scileanna teanga isteach sa seomra ranga leo. D'fhéadfadh an duine, an scoil agus an tsochaí tairbhe a bhaint as sin.

Tá éagsúlacht mhór idir na figiúirí ó Bhallstát go chéile – 1 % sa Pholainn, cuir i gcás, agus 40% i Lucsamburg – ach beagán faoi bhun 10%, sin é céatadán na ndaltaí san Aontas trí chéile a bhíonn ag foghlaim i dteanga nach í a dteanga dhúchais féin í. 

Tarraingíonn sin ceist anuas faoin dóigh is fearr le lántairbhe a bhaint as éagsúlacht teangacha an Aontais. Léiríonn fianaise nach n-éiríonn le páistí de chúlra imirceach bunscileanna a shealbhú chomh furasta le paistí eile. 

Ní mór do scoileanna a modhanna teagaisc a chur in oiriúint do chúlraí teanga agus cultúir na ndaltaí, agus sin a dhéanamh ar shlí dhearfach ionas go n-éireoidh go geal le gach dalta ar scoil.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun seomraí ranga ilteangacha a chur chun cinn?

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair i gcomhar le Ballstáit an Aontais chun straitéisí a shainaithint, straitéisí a mbeadh rath orthu i dtaobh foghlaim teangacha i gcomhthéacs ilteangach, sin agus chun comhroinnt dea-chleachtais sa réimse a éascú. Na torthaí ar an gcomhoibriú sin, agus ar na staidéir chuimsitheacha ar an ábhar, tá siad le fáil sa tuarascáil ón gCoimisiún dar teideal Múineadh agus foghlaim teangacha i seomraí ranga ilteangacha

Mar obair leantach ar an tuarascáil sin, agus chun cur leis an athbhreithniú ar Chreat na bPríomhinniúlachtaí don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil, eagraíodh sraith de cheardlanna téamacha agus Gníomhaíochtaí Foghlama Piaraí i dtaca le páistí de chúlra imirceach a lánpháirtiú tríd an scolaíocht. 

D’fhoilsigh an grúpa an dá thuarascáil seo: Athmhachnamh ar mhúineadh teangacha agus ar an éagsúlacht teangacha sna scoileanna agus Imircigh i scoileanna na hEorpa: Teangacha a fhoghlaim agus a chosaint.

Cad iad na chéad chéimeanna eile?

Tríd an gclár Erasmus+, cuirtear deiseanna nua ar fáil, beartais thrialacha agus comhpháirtíochtaí mórscála mar shampla, chun straitéisí nua a cheapadh i gcomhair teagasc agus foghlaim teanga i seomraí ranga ilteangacha.

I gcomhar le Comhairle na hEorpa agus lena Lárionad Nuatheangacha, tacóidh an Coimisiún le forbairt agus le scaipeadh modhanna nua teagaisc teangacha i seomraí ranga ilteangacha

Mar chuid de straitéis an Choimisiúin maidir le gairmeacha múinteoireachta, déanfar acmhainní agus tacaíocht le haghaidh múinteoirí a bhíonn ag obair le daltaí ó náisiúin éagsúla in aon seomra ranga amháin a fhorbairt.