Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Príomhinniúlachtaí agus bunscileanna

Cén fáth a bhfuil tábhacht le príomhinniúlachtaí agus le bunscileanna?

Is de chearta cách oideachas, oiliúint agus foghlaim ar ardchaighdeán agus atá ionchuimsitheach a fháil ar feadh a saoil, agus príomhinniúlachtaí agus bunscileanna a ghnóthú astu. Tá príomhinniúlachtaí agus bunscileanna de dhíth ar gach duine ar mhaithe le sásamh agus forbairt phearsanta, infhostaíocht, ionchuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach.

Bíodh sin mar atá, léiríonn torthaí suirbhé 2018 PISA (an Clár Idirnáisiúnta um Measúnú Daltaí) go bhfuil easnamh ar chumas léitheoireachta, cumas matamaitice nó cumas eolaíochta duine as gach cúigear daltaí san Aontas Eorpach.

In 2018, ba é an ráta tearcghnóthachtála a bhí ann ná 21.7% sa léitheoireacht, 22.4% sa mhatamaitic agus 21.6% san eolaíocht. Le linn na tréimhse 2009-2018, chuaigh feidhmíocht san eolaíocht agus sa léitheoireacht in olcas ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus níor tháinig aon athrú ar fheidhmíocht sa mhatamaitic.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas sa réimse seo?

Ghlac an Chomhairle Eorpach moladh nuashonraithe Moladh ón gComhairle maidir leis na Príomhinniúlachtaí don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil. Is é an cur chuige atá sa Mholadh seo ná forbairt na bpríomhinniúlachtaí agus na mbunscileanna a chur chun cinn, trí:

  • oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chách
  • tacaíocht a thabhairt d'fhoirne oideachasúla chun cuir chuige teagaisc agus foghlama atá inniúlacht-bhunaithe a chur i bhfeidhm
  • cuir chuige agus comhthéacsanna foghlama éagsúla a chur chun cinn ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil de
  • cíoradh a dhéanamh ar chuir chuige maidir le measúnú agus bailíochtú ar phríomhinniúlachtaí

I mí na Samhna 2019 d'eagraigh an Coimisiún Eorpach comhdháil maidir le cuir chuige agus timpeallachtaí foghlama san oideachas scoile chun tacú le forbairt príomhinniúlachtaí.

Cad iad na chéad chéimeanna eile?

Mar chuid de chreat beartais na hEorpa maidir le beartais oideachais agus oiliúna (ET 2020), tá cuspóir leagtha síos ag Ballstáit an Aontais, is é sin faoi 2020 gur cheart níos lú ná 15% de pháistí atá 15 bliana d'aois a bheith rangaithe san aicme nach bhfuil ag eirí léi go leor ar scoil.

Tacaíonn an Coimisiún leis na Ballstáit agus iad ag neartú na mbunscileanna agus na bpríomhinniúlachtaí atá ag na saoránaigh ar fad, trí fhoghlaim fhrithpháirteach agus malartú deachleachtas a éascú.