Skip to main content
European Education Area home page European Education Area home page

European Education Area

Quality education and training for all

An beartas scolaíochta

Tacaíocht an Aontais don bheartas scolaíochta

Seo iad an dá bhealach is mó a dtacaíonn an Coimisiún Eorpach le hiarrachtaí na mBallstát:

  • Oibríonn sé i ndlúthchomhar le lucht déanta beartas chun cabhrú leo beartais agus córais scolaíochta a fhorbairt, agus mar chuid den obair sin déanann sé monatóireacht ar an dul chun cinn i leith spriocanna an tSeimeastair Eorpaigh a bhaint amach. Déanann an Coimisiún faisnéis agus anailís a bhailiú agus a roinnt, agus spreagann sé malartú na forbartha beartais agus na gcur chuige beartais. Bealach amháin a dhéantar sin ná trí Mheithleacha ET2020. Ó bhí 2016 ann, tá sainordú leathan ag an Meitheal um Scoileanna, sainordú a chuimsíonn forbairt ar rialachas na gcóras scolaíochta chun cáilíocht níos fearr a chur chun cinn tríd an nuálaíocht agus cuimsiú inbhuanaithe a fheabhsú
  • Tríd an gclár Erasmus+, cuireann an Coimisiún go mór le tionscadail chomhair an Aontais, tionscadail arb é is aidhm dóibh an tsoghluaisteacht a chur chun cinn ar mhaithe le múinteoirí agus le daltaí.

Réimsí tosaíochta

Tá na réimsí tosaíochta a leanas aitheanta ag airí oideachais Bhallstáit an Aontais:

  • Ba cheart deis a bheith ag gach dalta na Príomhinniúlachtaí don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil a fhorbairt. Chun tacú leis an obair sin, d’fhéadfaí na curaclaim agus na modhanna measúnaithe a athcheapadh, oiliúint a chur ar fáil do bhaill foirne scoileanna, agus uirlisí foghlama ardchaighdeáin a chur ar fáil go forleathan, sin agus úsáid níos fearr a bhaint astu chomh maith
  • Ba cheart deis a bheith ag gach dalta leas a bhaint as eispéiris foghlama ardcháilíochta agus ba cheart rochtain níos fairsinge a bheith ar an oideachas agus cúram luathóige
  • Ní mór feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar, ar leibhéal na scolaíochta, d’fhoghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta acu, imircigh chuig an Aontas san áireamh, agus ba cheart luathfhágáil na scoile a laghdú leis
  • Ní mór tuilleadh tacaíochta a thabhairt do mhúinteoirí, ceannairí scoile agus lucht oiliúna na múinteoirí, agus ba cheart deiseanna leanúnacha le forbairt phearsanta a dhéanamh, mar aon le roghanna gairme a bheadh solúbtha tarraingteach, a bheith mar chuid den tacaíocht sin
  • Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an deimhniú cáilíochta chun a chinntiú gur éifeachtaí cothroime éifeachtúla an rialachas a dhéantar ar an scolaíocht, agus chun an tsoghluaisteacht a éascú dóibh sin a sholáthraíonn oideachas agus oiliúint agus do na daoine a bhaineann leas as.

Tá creat um Chomhar Beartais Eorpach (ET 2020) curtha ar bun ag an gCoimisiún, creat a bhfuil sé de sprioc aige comhar a chothú i bhforbairt an dea-chleachtais i réimse an oideachais agus na hoiliúna. Ina theannta sin, is minic a fhoilsítear staidéir as gach cearn den Eoraip, staidéir a dhéanann monatóireacht ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i bhforbairt agus in athchóiriú na gcóras oideachais agus oiliúna.

Todhchaí na mbeartas scolaíochta san Aontas

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le forbairt scoileanna agus múinteoireacht den scoth le haghaidh tús maith sa saol, leagtar amach fianaise, agus moltar bearta i dtaca le feabhas a chur ar cháilíocht agus cuimsitheacht na scolaíochta, ar inniúlachtaí na múinteoirí agus na gceannairí scoile, agus ar rialachas scoileanna. Tá Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an Teachtaireacht, agus tá fianaise ann a thacaíonn leis na moltaí a rinneadh.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hEoraip níos láidre a fhorbairt: ról na mbeartas óige, oideachais agus cultúir, tá an dara pacáiste tionscnamh molta aige, pacáiste ina leagtar béim ar a thábhachtaí atá an t-oideachas, an óige agus an cultúr chun todhchaí na hEorpa a fhorbairt.

Ar a bharr sin, sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bhFéiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr, leagtar amach fís an Limistéir Eorpaigh Oideachais. Ar na príomhréimsí a n‑aithnítear gur réimsí iad ina rachadh an comhar ón Aontas chun tairbhe don scolaíocht, tá an tsoghluaisteacht, aitheantas frithpháirteach do dhioplómaí agus do thréimhsí staidéir ar an gcoigríoch, foghlaim teangacha, Oideachas agus Cúram na Luathóige, gairm na múinteoireachta, an nuálaíocht agus an teicneolaíocht dhigiteach.