Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile

An rathúlacht scoile: cén fáth a bhfuil sé tábhachtach?

Tá ról ríthábhachtach ag an oideachas scoile i sochaithe atá cuimsitheach, níos cothroime agus níos rathúla a chur chun cinn trí chuidiú le gach leanbh agus gach duine óg barr a gcumais a bhaint amach.

Cuidíonn sé freisin le daoine a gcuid eolais, scileanna agus dearcthaí a fhorbairt, ar rudaí iad a bhfuil gá leo chun bheith rathúil sa saol agus le go mbeidh siad ina ndaoine gníomhacha freagracha athléimneacha spreagtha a leanann ar aghaidh ag foghlaim ar feadh an tsaoil. 

Rochtain a chinntiú ar oideachas ardcháilíochta cuimsitheach do chách agus leanaí agus daoine óga a chumasú leis na hinniúlachtaí a dteastaíonn uathu don saol, cuidíonn na rudaí sin chun sochaithe atá cothrom agus geilleagar atá níos rathúla a fhorbairt. 

Tá sé ríthábhachtach máistreacht a fháil ar bhunscileanna (an léitheoireacht, an mata agus an eolaíocht) i dtaca le dul chun cinn acadúil daltaí agus na deiseanna a bheidh acu amach anseo. 

Na scileanna agus na hinniúlachtaí a shealbhaítear san oideachas meánscoile uachtaraí, meastar iad a bheith ina mbuncháilíochtaí le bheith rathúil i margadh an tsaothair agus go réitíonn siad an bealach le haghaidh saol sásúil sláintiúil.

An staid mar atá

D’ainneoin a thábhachtaí atá bunscileanna, níl inniúlachtaí dóthanacha sa léitheoireacht, sa mhata ná san eolaíocht (suirbhé PISA ECFE, 2018) ag duine amháin as gach cúigear atá 15 bliana d’aois san Aontas Eorpach. 

Is ionann líon na luathfhágálaithe oideachais agus oiliúna agus timpeall 10% de dhaoine óga san Aontas agus níor chríochnaigh ach 84.3% de dhaoine idir 20-24 bliana d’aois an t-oideachas meánscoile (Eurostat, 2020). 

An cúlra socheacnamaíoch agus an cúlra cultúrtha, is iad sin an dá chinntitheach is mó ag a bhfuil tionchar ar thorthaí oideachasúla daltaí. 

Leanaí as ceantair agus teaghlaigh níos boichte, ní éiríonn chomh maith céanna leo ar scoil is a éiríonn lena gcomhscoláirí níos rachmasaí.

Ar an mbonn céanna, is mó i bhfad sciar na ndaltaí nach mbaineann barr a gcumais amach i scileanna bunúsacha i measc daltaí de bhunadh imirceach ná a gcomhscoláirí de bhunadh na tíre ina bhfuil siad ina gcónaí. 

Daltaí de bhunadh imirceach, is mó an dóchúlacht go bhfágfaidh siad an scoil luath gan bunscileanna a shealbhú.

Sa bhreis air sin, is údar imní é (suirbhé PISA ECFE, 2018) go bhfuil meath ag teacht ar fholláine daltaí agus ar an muintearas eatarthu. Tá tromaíocht go forleathan i scoileanna freisin, rud a théann i bhfeidhm go diúltach ar fhorbairt agus ar ghnóthachtáil oideachais daltaí.

Cad atá ar siúl ag an Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin?

D’fhonn comhar beartas a chur chun cinn idir na Ballstáit le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, tá tionscnamh nua seolta ag an gCoimisiún Eorpach dar teideal ‘Conairí le haghaidh Rathúlacht Scoileanna’.

Leis an tionscnamh sin, nasctar le chéile ionstraimí éagsúla chun borradh a chur faoi athchóiriú beartas – cuir i gcás treoir maidir le beartais, an phiarfhoghlaim, eolas agus dea-chleachtais a mhalartú agus dreasachtaí airgid. 

Go háirithe, in 2022 cuirfidh an Coimisiún togra chun tosaigh le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le Conairí le haghaidh Rathúlacht Scoileanna. Iarrfar sa Mholadh go gceapfar straitéisí agus gníomhaíochtaí comhleanúnacha comhoibríocha atá bunaithe ar fhianaise lena rachfar i ngleic leis an tearcghnóthachtáil agus le luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna. 

Spreagfar na Ballstáit le forbairt beartas cuimsitheach a threisiú i dtaca le gach leibhéal oideachais; an t-oideachas agus an cúram luathóige, an bhunscolaíocht, an mheánscolaíocht (idir íochtarach agus uachtarach) agus an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint ina measc. 

Iarrfar ort béim láidir a chur ar mhonatóireacht ar chosc agus ar idirghníomhú (spreagadh na ndaltaí san áireamh), agus cuirfear gach ní i dteannta beartas chun tacú leo siúd a d’fhág an t-oideachas gan cáilíocht meánscoile uachtaraí, cuir i gcás cláir oideachasúla an dara deis.

Is ceart na beartais a bhunú ar chomhar trasearnála agus is ceart go mbeidh páirtithe leasmhara ó réimsí beartas éagsúla bainteach leo, cuir i gcás an óige, an cultúr, an spórt, beartas sóisialta/leasa, an fhostaíocht agus an tsláinte. 

Moladh ón gComhairle

Tionscnamh de chuid an Limistéir Eorpaigh Oideachais atá sa Mholadh, agus tabharfaidh sé aghaidh ar na gnéithe seo a leanas:

  • rialachas agus ceannaireacht scoile, dearbhú cáilíochta san áireamh
  • timpeallachtaí foghlama – curaclaim, measúnú, tacaíocht agus uirlisí spriocdhírithe, an t-aistriú idir leibhéil oideachais
  • foghlaimeoirí agus an timpeallacht foghlama le béim ar fholláine an dalta agus idirghníomhaíocht dhearfach lena nglacfar le héagsúlacht daltaí mar aon le folláine ar scoil
  • ról na múinteoirí a fheabhsú i dtaca le dul i ngleic leis an míbhuntáiste oideachasúil
  • rannpháirtíocht tuismitheoirí agus teaghlach i nglacadh cinntí agus gníomhaíochtaí scoile
  • comhar le páirtithe leasmhara agus an pobal i gcoitinne i scoileanna agus timpeall orthu

Amlíne 

Tá an obair ar siúl faoi láthair chun an togra a ullmhú le haghaidh Moladh ón gComhairle. 

Reáchtálfar comhairliúchán poiblí (a gcuirfear tús leis i mí an Mheithimh 2021) chun ionchur a bhailiú agus chun tuairimí a fháil ó na daoine agus na heagraíochtaí ag a bhfuil spéis ann. 

Tá sraith imeachtaí comhairliúcháin á reáchtáil freisin le heagraíochtaí atá gníomhach in earnáil an oideachais agus an chomhshaoil. 

Glacfaidh an Coimisiún an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle in 2022 agus cuirfear é faoi bhráid airí oideachais de chuid an Aontais i gComhairle an Aontais Eorpaigh, áit a ndéanfar plé air agus a nglacfar é. 

Clár Erasmus+

An t-oideachas cuimsitheach agus laghdú a dhéanamh ar luathfhágáil an oideachais agus na hoiliúna, tá ról lárnach acu sin i gclár nua Erasmus+

Is éard a bheidh ag gabháil leis an Moladh an ‘tSraith Straitéisí Eorpach do Scoileanna: an t-oideachas cuimsitheach a chur chun cinn agus an luathfhágáil scoile a chomhrac’.

Ábhar gaolmhar

An Limistéar Eorpach Oideachais

Beartas maidir leis an luathfhágáil scoile

An tSraith Straitéisí Eorpach do Scoileanna: an t-oideachas cuimsitheach a chur chun cinn agus an luathfhágáil scoile a chomhrac

Clár Erasmus+