Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)

Cad é an rud é an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht? 

Is é an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), atá lonnaithe i mBúdaipeist na hUngáire, tionscnamh an Aontais chun tacú leis an nuálaíocht ar leibhéal córasach– ón oideachas aníos go dtí an margadh. 

Tagann eagraíochtaí i réimsí an oideachais, an taighde agus na nuálaíochta (triantán an eolais mar a thugtar air) le chéile faoi EIT chun comhpháirtíochtaí dinimiciúla trasteorann a fhorbairt agus timpeallachtaí lena gcothaítear nuálaíocht a chruthú.

Cuireann an Institiúid glúin nua fiontraithe chun cinn agus tacaíonn sí leis an nglúin sin, agus dá thoradh sin cruthaítear gnólachtaí nuálacha, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).

Is é misean EIT

  • an t-ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht a chur chun cinn agus a chomhtháthú agus gnólachtaí a spreagadh chun éiceachórais nuálaíochta a chruthú
  • sineirgí agus comhar a chur chun cinn idir réimsí an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta
  • cuidiú le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, le hiomaíochas agus le fiontraíocht trí fheabhas a chur ar chumas na mBallstát chun nuálaíochta 
  • dul i ngleic le dúshláin mhóra shochaíocha an Aontais

Tá EIT mar pháirt de Fís Eorpach, clár infheistíochta taighde agus nuálaíochta an Aontais. 

Baineann an Institiúid leis an tríú colún sa chlár – ‘An Eoraip Nuálach’ – lena bhféachtar le fionnachtana teicneolaíochta agus éiceachórais nuálaíochta a spreagadh.

Ina theannta sin oibríonn EIT i gcomhpháirtíocht le tionscnaimh agus scéimeanna cistiúcháin eile de chuid an Aontais.

Cad é go díreach a dhéanann EIT? 

Reáchtálann EIT ocht bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), agus téann gach ceann acu i ngleic le dúshlán domhanda agus/nó sochaíoch faoi leith. 

Cothaíonn na PENanna comhoibriú idir an t-ardoideachas, an taighde agus gnólachtaí, chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an bhfiontraíocht agus chun fionnachtana a ghiniúint. 

Faoi láthair tá ocht PEN ag feidhmiú sna réimsí seo a leanas

  • EIT Climate KIC: dlús a chur leis an athrú chuig geilleagar saor ó charbón
  • EIT InnoEnergy: todhchaí fuinnimh inbhuanaithe a bhaint amach don Eoraip
  • EIT Digital: claochlú digiteach na hEorpa a bhrú chun cinn
  • EIT Health: deiseanna níos mó a thabhairt do shaoránaigh an Aontais saol folláin a chaitheamh
  • EIT Raw Materials: amhábhair a fhorbairt ionas gur bua tábhachtach don Eoraip iad
  • EIT Food: ar thús cadhnaíochta sa réabhlóid dhomhanda maidir le bia agus táirgeadh
  • EIT Urban Mobility: iompar uirbeach atá cliste, glas agus comhtháite a fhorbairt
  • EIT Manufacturing: iomaíochas thionscal déantúsaíochta na hEorpa a threisiú agus a mhéadú

Tháinig Rialachán EIT agus an Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN) 2021-2027 i bhfeidhm an 28 Bealtaine 2021. Leagtar béim in COSN ar na nithe seo a leanas:

  • na PENanna a chur ar fáil do réimse níos leithne páirtithe gaolmhara chun cur leis an tionchar agus an trédhearcacht a bhaineann leo. Cuirfidh sé sin leis an scaipeadh eolais agus nuálaíochta ar fud an Aontais
  • cumas fiontraíochta agus nuálaíochta an ardoideachais a mhéadú ar fud na hEorpa trí athrú institiúideach a chur chun cinn, agus tacú leis, in institiúidí ardoideachais agus iad a chomhtháthú sna héiceachórais nuálaíochta. Chun an sprioc bheartais sin a bhaint amach, tá EIT ag reáchtáil tionscnamh píolótach 3 bliana – tionscnamh d’institiúidí ardoideachais: Forbairt Acmhainne Nuálaíochta don Ardoideachas
  • Scéim Nuálaíochta Réigiúnach EIT a neartaíodh agus lena gcuirtear borradh faoin nuálaíocht i dtíortha a bhfuil feidhmíocht mheasartha nuálaíochta luaite leo. Is é is aidhm don scéim dea-chleachtas, taithí agus fios gnó ó ghníomhaíochtaí PEN EIT a roinnt le héiceachórais nuálaíochta áitiúla, agus cuirtear seirbhísí saindeartha ar fáil leis chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí nuálaíochta a aithníodh
  • dhá PEN nua a sheoladh i réimse na dtionscadal cultúrtha agus cruthaitheach (in 2022) agus sna hearnálacha uisce, mara agus muirí agus sna héiceachóras (in 2026)

Fíricí agus figiúirí

Tá EIT gníomhach i ngach Ballstát san Aontas agus tá 2,000 comhpháirtí atá comhtháite go dlúth bainteach leis ó réimsí an taighde, an oideachais agus an ghnó. 

Tá breis agus 60 ionad comhlonnaithe luaite leis laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach. I measc na n-éiceachóras nuálaíochta a fhaigheann tacaíocht ó EIT tá 310 lárionad taighde, 269 n-institiúid ardoideachais agus 1,284 chuideachta, FBManna ina measc, chomh maith le 193 eintiteas eile mar shampla cathracha, réigiúin agus eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna).

Bhain níos mó ná 3,000 mac léinn céim amach faoi chláir oideachais a thagann faoi lipéad EIT ar leibhéal máistreachta agus ar leibhéal PhD. 

Tá líonra mór alumni cruthaithe ag EIT agus na PENanna ar pobal idirdhisciplíneach ilchultúrtha é ina bhfuil gníomhaithe don athrú atá ag cruthú na nuálaíochtaí a bheidh de dhíth chun Eoraip ghlas inbhuanaithe a bhaint amach. 

In 2020 bhí níos mó ná 14,000 alumni laistigh agus lasmuigh den Eoraip nasctha tríd na pobail alumni sin.

Leis an mbuiséad €2.965 billiún atá curtha in áirithe don Chlár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht 2021-2027 méadófar tionchar EIT agus na PENanna i ngach ceann de thrí bhrainse thriantán an eolais. 

Leis an gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht foráiltear do sheoladh 4,000 táirge agus seirbhís nuálach ar an margadh agus don tacaíocht a thabharfar do 700 gnólacht nuathionscanta faoi 2027. 

Tá sé d’aidhm ag EIT go mbeidh 680 institiúid ardoideachais rannpháirteach ann agus níos mó ná 25,000 mac léinn a spreagadh chun páirt a ghlacadh ina chláir oideachais faoi 2027.