Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Tionscnamh na gCártaí Mac Léinn Eorpacha

Próiseas simplí sábháilte don riarachán ar líne, sin agus an fhaisnéis a bheith ar aghaidh a mboise ag na daltaí, sin dhá rud a bhfuil tábhacht thar na bearta leo má tá borradh le cur faoi shoghluaisteacht na mac léinn ar fud na hEorpa.

Tá Tionscnamh na gCártaí Mac Léinn Eorpacha (ESCI) ríthábhachtach chun rannpháirtíocht na mac léinn i ngníomhaíochtaí oideachais agus cultúrtha a chur chun cinn i gcomhréir leis an bhfís chun Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú faoi 2025.

Tá ESCI comhdhéanta de thrí bhloc tógála, is iad sin

  • Cárta Mac Léinn Eorpach, lena ndéanfar Cárta Mac Léinn Eorpach de na cártaí mac léinn atá ann faoi láthair chun go mbeidh mic léinn in ann tairbhe a bhaint as seirbhísí ar an gcampas agus lasmuigh de le linn a dtréimhse soghluaisteachta
  • Aip Erasmus+ - aon aip amháin chun cuidiú le mic léinn Erasmus a riarachán praiticiúil ar fad a dhéanamh roimh a gclár soghluaisteachta, lena linn agus ina dhiaidh
  • Erasmus gan Pháipéar - réiteach digiteach a nascann le chéile córais atá in úsáid ag institiúidí ardoideachais lenar féidir a soghluaisteacht Erasmus+ a bhainistiú ar líne

Is céim chun cinn atá i ESCI san aistriú chuig an ré dhigiteach agus chuig Limistéar Oideachais Eorpaigh, áit arb é an gnáthrud tréimhse a chaitheamh san iasacht i mbun staidéir agus léinn, agus áit a bhfuil sár-oideachas ar fáil do chách.