Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Comhar idir ollscoileanna agus gnólachtaí

Cén fáth ar cheart dlúthchomhar a bheith ann idir na hollscoileanna agus gnólachtaí?

Ach gnólachtaí agus an saol acadúil a thabhairt le chéile ar dhóigh níos fearr, is féidir:

  • aistriú agus malartú eolais a chothú
  • comhpháirtíochtaí agus deiseanna fadtéarmacha a chruthú
  • an nuálaíocht, an fhiontraíocht agus an chruthaitheacht a chur chun cinn

Féadfaidh dlúthchomhar idir ollscoileanna agus gnólachtaí a bheith ina chuidiú do chéimnithe chun go bhfaighidh siad na scileanna agus an meon aigne cuí atá ag teastáil sa mhargadh fostaíochta agus dá bhforbairt phearsanta féin. 

Is iomaí sin sampla atá san Eoraip de chomhar idir an saol acadúil agus earnáil na tionsclaíochta ar éirigh go maith leis. Is amhlaidh, áfach, a bhíonn difear mór sa chineál comhair agus i méid an chomhair ó thír go chéile, ó institiúid ardoideachais go chéile agus ó dhisciplín go chéile. Tá tuilleadh eolais le fáil sa staidéar a rinne an Coimisiún ar staid an chomhair idir ollscoileanna agus gnólachtaí san Eoraip.

An Fóram Ollscoileanna-Gnólachtaí

Bíonn an Fóram Ollscoileanna-Gnólachtaí ar siúl sa Bhruiséil gach re bliain. Cuireadh ar bun é in 2008 agus cuireann sé ardán ar fáil chun líonrú a dhéanamh agus smaointe agus dea-chleachtais a mhalartú, trí na dreamanna seo a leanas a thabhairt le chéile:

  • institiúidí ardoideachais
  • gnólachtaí
  • comhlachais ghnó
  • údaráis phoiblí
  • lucht déanta beartais

Ag an bhfóram cíorann na rannpháirtithe an staid ina bhfuil an comhar idir ollscoileanna agus gnólachtaí i láthair na huaire agus pléitear na tionscnaimh bheartais agus na cláir a theastaíonn chun tacú leis an gcomhar sin. 

Tionóltar Fóraim Théamacha ar bhonn rialta, i gcomhar leis an Ballstáit, agus é d’aidhm acu aghaidh a thabhairt ar cheisteanna atá tábhachtach ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.