Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An tAontas Eorpach a dhéanamh níos tarraingtí do mhic léinn eachtracha

An chaoi a gcuireann an Coimisiún an t-ardoideachas Eorpach chun cinn

A bhuí leis an taithí agus na scileanna atá faighte san Eoraip acu, is féidir le mic léinn agus taighdeoirí ó thíortha lasmuigh den Eoraip cur le fás agus iomaíochas gheilleagar an Aontais Eorpaigh féin. Baineann Máistreachtaí Comhpháirteacha Erasmus Mundus úsáid as scoláireachtaí atá maoinithe ag an Aontas chun scoth na mac léinn a mhealladh ó gach cairn den domhan chun páirt a ghlacadh i gclár comhpháirteach ardcháilíochta lenar féidir leo staidéar a dhéanamh in dhá cheann ar a laghad d’institiúidí ardoideachais Eorpacha.

Staidéar a dhéanamh san Eoraip 

Tá mórán tíortha san Eoraip ann a chuireann a gclár ardoideachais féin chun cinn go gníomhach. Leis an tionscnamh ‘Staidéar san Eoraip’ de chuid an Choimisiúin cuirtear ardán ar fáil chun faisnéis a sholáthar faoi chórais agus institiúidí ardoideachais thíortha na hEorpa agus chun na córais agus na hinstitiúidí sin a chur chun cinn. Cabhraíonn an t-ardán sin — agus a chuid gníomhaíochtaí ar na meáin shóisialta — cabhraíonn sé le mic léinn rogha eolasach a dhéanamh faoin áit a rachaidh siad ag staidéar i dtíortha ar fud na hEorpa nó faoin gclár ar mhaith leo páirt a ghlacadh ann. Luaitear ann freisin na háiteanna sin nach mbeadh an-chur amach ag daoine lasmuigh den Eoraip orthu. 

Anuas air sin, cuireann ‘Staidéar san Eoraip’ ar a chumas don Aontas Eorpach agus do thíortha Eorpacha ar leithligh páirt a ghlacadh in aontaí staidéir ar fud an domhain chun an t-ardoideachas san Eoraip a chur chun cinn. Bíonn gníomhaíochtaí líonraithe ar siúl ag an gCoimisiún leis na gníomhaireachtaí náisiúnta ar fud na hEorpa chun féilirí agus smaointe a roinnt ar mhaithe leis an ardoideachas a bheith níos sofheicthe.

Alumni 

Is ambasadóirí gníomhacha thar ceann an ardoideachais san Eoraip iad eagraíochtaí alumni ina dtíortha féin. Bíonn siad rannpháirteach in aontaí agus imeachtaí staidéir, agus bíonn siad ag scaipeadh faisnéis faoi na deiseanna atá ann staidéar nó taighde a dhéanamh san Eoraip; tríd an gclár Erasmus+, mar shampla. 

Tacaíonn an Coimisiún le Comhghuaillíocht Mac Léinn agus Alumni Erasmus+ (ESAA), comhghuaillíocht a aithníonn an ról níos láidre a d’fhéadfadh a bheith ag an bpobal alumni anuas ar an méid atá thuasluaite, mar atá scileanna gairmiúla agus a n-eolas acadúil a fhorbairt agus a roinnt trí ghníomhaíochtaí líonraithe. Tá comhlachais nua le haghaidh alumni i réigiúin eile á mbunú freisin (sna Balcáin Thiar agus san Afraic go n-uige seo) .