Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Míniú ar an Limistéar Eorpach Oideachais

Cabhraíonn tionscnamh an Limistéir Eorpaigh Oideachais le Ballstáit an Aontais Eorpaigh oibriú le chéile chun córais oideachais agus oiliúna atá níos athléimní agus níos cuimsithí a thógáil.

Cén fáth a bhfuil an Limistéar Eorpach Oideachais á thógáil againn?

Is é an t-oideachas an bunús le haghaidh sásamh pearsanta, infhostaitheacht agus saoránacht ghníomhach fhreagrach. Tá sé ríthábhachtach do bheocht shochaithe agus gheilleagair na hEorpa. Rochtain ar oideachas, ar oiliúint agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach, is ceart é sin atá ag gach saoránach, mar a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Is é a thug paindéim COVID-19 chun suntais freisin go bhfuil sé fíor-riachtanach na bacainní struchtúrtha maidir leis an bhfoghlaim agus forbairt scileanna a chosc chun nach mbeidh tionchar acu ar dheiseanna fostaíochta na saoránach ná ar an rannpháirtíocht sa tsochaí.

Feidhmeoidh an Limistéar Eorpach Oideachais i sineirgíocht leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna agus an Limistéar Eorpach Taighde chun leas a bhaint as eolas, rud a chuirfear mar bhunchloch an téarnaimh agus an rathúnais san Eoraip.

Réimsí fócais do chomhar

Tá an Coimisiún Eorpach agus Ballstáit an Aontais Eorpaigh ag obair chun a bhfís chomhchoiteann a bhaint amach maidir le Limistéar Eorpach Oideachais trí dhíriú ar an méid seo a leanas:

Féach an méid atá ar siúl ag an Aontas i ngach réimse oideachais

Cur chuige treisithe i leith an Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) a bhaint amach

D’fhormhuinigh ceannairí na hEorpa an smaoineamh chun Limistéar Eorpach Oideachais a chruthú den chéad uair ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta 2017 in Göteborg na Sualainne. Glacadh an chéad phacáiste beart in 2018 agus 2019.

A bhuí leis na mblianta de dhlúthchomhar, tá dul chun cinn suntasach déanta cheana féin, agus tá

  • beagnach 95% de leanaí ag freastal ar oideachas luath-óige ó 4 bliana d’aois
  • breis agus 40% de dhaoine fásta óga ag fáil cáilíocht ardoideachais
  • beagnach 90% de dhaoine óga ag fágáil an oideachais le dioplóma meánscoile nó tá siad clárú in oiliúint
  • 80% de chéimnithe nua Erasmus+ ag fáil fostaíochta laistigh de thréimhse níos lú ná 3 mhí tar éis dóibh críochnú

Is léiriú iad na torthaí sin ar an dul chun cinn láidir atá déanta, ach tá gá fós le tuilleadh oibre, go háirithe maidir le

  • líon na ndaoine 15 bliana d’aois ar cumas íseal léitheoireachta, mata agus eolaíochta
  • rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim

I mí Mheán Fómhair 2020 leag an Coimisiún amach i dTeachtaireacht ón gCoimisiún a fhís athnuaite don Limistéar Eorpach Oideachais chomh maith leis na ngníomhaíochtaí nithiúla chun é a bhaint amach.

Thug Comhairle an Aontais Eorpaigh freagra ar an Rún ó mhí Feabhra 2021 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint don tréimhse 2021-2030.

I mí na Samhna 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún a Thuarascáil ar Dhul Chun Cinn i dtreo Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach. Cuirtear i dtábhacht sa tuarascáil an obair atá déanta go dtí seo agus na dúshláin atá fós le sárú.

Na chéad chéimeanna eile

In 2023 tá an Coimisiún ag iarraidh ar na Ballstáit agus ar pháirtithe leasmhara eile páirt a ghlacadh i bpróiseas athbhreithnithe meántéarma an Limistéir Eorpaigh Oideachais. Díreofar leis sin ar cheachtanna a foghlaimíodh ó na chéad bhlianta agus ar mhóiminteam agus tiomantas a fhorbairt go dtí 2025.

In 2025 foráiltear do thuarascáil iomlán ar an Limistéar Eorpach Oideachais.

An creat straitéiseach

An creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint, cuideoidh sé leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • tacú leis na Ballstáit a gcórais oideachais agus oiliúna a athchóiriú
  • feabhas a chur ar shineirgí le réimsí beartas eile, cuir i gcás an taighde agus an nuálaíocht, beartas sóisialta, an fhostaíocht agus an óige, in éineacht freisin le hionstraimí an Aontais chun tacaíocht níos fearr a thabhairt d’athchóirithe náisiúnta
  • spriocanna agus táscairí a shainaithint chun treoir a thabhairt don obair agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn

Cuireann an creat straitéiseach ar fáil an struchtúr bunriachtanach le haghaidh comhoibriú idir na Ballstáit agus na príomhpháirtithe leasmhara chun a bhfís chomhchoiteann a bhaint amach.

Inniúlacht na n-údarás náisiúnta agus/nó réigiúnach ábhartha is ea go fóill é ábhar agus struchtúr chórais oideachais agus oiliúna na mBallstát.