Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Seimeastar Eorpach / Anailís de réir Tíre

Céard atá i gceist leis?

Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a gcóras oideachais agus oiliúna féin, is tábhachtach an ról atá ag an Aontas Eorpach agus é ag tacú leis an dícheall a dhéanann na Ballstáit chun na córais oideachais a fheabhsú agus a nuachóiriú. 

De bharr geilleagar na linne a bheith domhandaithe agus bunaithe ar eolas, tá lucht saothair ard-oilte de dhíth ar an Eoraip ionas go dtig léi fanacht san iomaíocht ó thaobh táirgiúlachta, cáilíochta agus nuálaíochta de. Is amhlaidh a bhíonn, go mór mór le linn tréimhsí a mbíonn an teicneolaíocht agus an tsochaí ag athrú go mear. 

Tá fianaise ann le deireanas áfach bearna a bheith idir scileanna an lucht saothair agus na scileanna a theastaíonn sa mhargadh saothair, rud a chothaíonn an dífhostaíocht agus a chuireann bac ar fhás an gheilleagair.

De réir na spriocanna atá ag an Straitéis Eoraip 2020, seo cuid de na tosaíochtaí atá le háireamh:

  • na scileanna a thabhairt chun comhréire le riachtanais mhargadh an tsaothair
  • líon na ndaoine óga a fhágann an scoil róluath a chur faoi bhun 10% 
  • sciar na gcéimithe ó choláistí treasacha a ardú go 40% ar a laghad

Conas a fheidhmíonn sé?

Mar chuid den Seimeastar Eorpach, déanann an Coimisiún anailís ar réimse leathan beartas i dtíortha éagsúla, ina measc sin réimse an oideachais agus na hoiliúna. 

Maidir leis an anailís sin, is taca í do na Ballstáit i bhfianaise na ndúshlán sóisialta a aithnítear ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach. Is cúnamh atá san anailís chéanna chomh maith do rialtais náisiúnta agus an dul chun cinn i gcur chun feidhme na leasuithe riachtanacha á mheas acu, sin agus réimsí a bhfuil breis infheistíochta de dhíth orthu. 

I gcomhthéacs na Straitéise Eoraip 2020 i leith fáis agus fostaíochta, sula mbíonn an chéad leath den bhliain caite, eisítear sraith moltaí sonracha faoi thíortha faoi leith mar chuid den Seimeastar Eorpach, moltaí is cúnamh do na Ballstáit i sárú na ndúshlán is práinní. 

Chomh maith leis sin, tá anailís le baint as an bhFaireachán ar Oideachas agus Oiliúint, anailís nuashonraithe ar na dúshláin atá bunaithe ar shraith tagarmharcanna. Rud eile a dhéanann an Faireachán, cuireann sé comaoin ar an bhfeachtas atá ag an Aontas le déanamh na mbeartas a bhunú ar fhianaise.